skip to main content

Ceal infheistíochta, an bhfuil ré na scéalaithe ar an dé deiridh?

Patricia Forde, Laureate na n-Óg
Patricia Forde, Laureate na n-Óg

Ina céad cholún, scríobhann Laureate na n-Óg, Patricia Forde mar gheall ar an ról speisialta a bronnadh uirthi le déanaí agus faoina bhfuil foghlamtha aici go dtí seo.

Tá an Fhómhar tagtha go Gaillimh, agus cé gur deacair domsa é a chreidiúint, tá ceithre mhí caite agam i ról Laureate na nÓg.

Dóibh siúd agaibh nach bhfuil a fhios acu, is tionscnamh de chuid na Comhairle Ealaíon is ea Laureate na nÓg. Is iad Leabhair Pháistí Éireann a dhéanann an tionscnamh a bhainistiú ar son na Comhairle Ealaíon agus tá tacaíocht acu ó Chomhairle Ealaíon Thuaisceart Éireann agus ón Roinn Leanaí, Comhionannais, Míchumais, Lánpháirtíochta agus Óige.

Bunaíodh an ról chun litríocht i measc leanaí a chur chun cinn, go náisiúnta agus go hidirnáisiúnta, agus chun glúnta nua scríbhneoirí agus maisitheoirí a spreagadh. Tá a dtionscadal féin ag gach Laureate na nÓg chun a gcuid oibre a threorú thar a dtéarma trí bliana.

Tá sé mar aidhm ag mo thionscadal, Samhlaigh! Samhlaigh! Making It Up As We Go Along, cruthaíocht agus samhlaíocht a chur chun cinn, agus páistí a spreagadh chun sult a bhaint as bheith ag léamh ó am go ham, chomh maith le haislingeacht a chleachtadh go rialta! Ach thar rud ar bith eile, ba mhaith liom go mbainfidís taitneamh as bheith ag scríobh, ag léamh agus ag tarraingt pictiúr.

Is é buaicphointe mo thionscadail ná bus a thógáil, lán le scríbhneoirí agus maisitheoirí leanaí na hÉireann, síos ar Shlí an Atlantaigh Fhiáin, ag bualadh le páistí ar ár mbealach agus ag roinnt scéalta leo.

Bhí an chéad ceithre mhí an-ghnóthach, ach an-taitneamhach chomh maith.. Bhí dhá leabhar nua le cur amach agam; The Girl Who Fell To Earth (Little Island) agus An Mac Tíre Deireanach (Futa Fata).

Ar an 24 Meán Fómhair, d'eitil mé go Boston ar thuras le Little Island le tacaíocht ó Chultúr Éireann. Bhí ceathrar scríbhneoirí ar an turas: Siobhán Parkinson, Deirdre O’Sullivan, Sam Thompson agus mé féin.

Tá mé fágtha le híomhánna de labhairt le mic léinn i seomra painéil adhmaid i Harvard; leabhair a shíniú i siopaí leabhar neamhspleácha uathúla; caint faoi phróiseas i spás beag bídeach i séipéal Framingham State University; seasamh i dteach tábhairne i New Jersey lán le scoláirí a cheap gur rock-stars muid agus ag reachtáil rang scríobhnóireachta san Irish Arts Center i Nua Eabhrac.

Deis ar leith a bhí ann ardán a bheith againn chun labhairt le daoine fásta faoin obair a dhéanaimid. Bhain mé an-taitneamh as éisteacht le mo chomhscríbhneoirí ag caint faoina bpróiseas agus faoi na dúshláin atá rompu. Bhí Matthew Parkinson Bennett, foilsitheoir ag Little Island, chomh spéisiúil céanna agus é ag caint ar shaol foilsitheora bhig in Éirinn.

We need your consent to load this rte-player contentWe use rte-player to manage extra content that can set cookies on your device and collect data about your activity. Please review their details and accept them to load the content.Manage Preferences


Rith sé liom go bhfuil gá le níos mó plé poiblí faoi ról na leabhar i saol leanaí sa bhaile agus le níos mó deiseanna do scríbhneoirí teacht le chéile agus labhairt faoina gcuid oibre.

Tá clú agus cáil ar mhuintir na hÉireann mar scéalaithe agus mar scríbhneoirí, ach an bhfuilimid ag maireachtáil i ré atá caite in ionad infheistíocht a dhéanamh sa todhchaí?

Teastaíonn leabharlanna scoile agus leabharlannaithe scoile uainn chun léitheoirí óga a threorú. Teastaíonn féilte liteartha uainn ina mbuaileann leanaí le léitheoirí óga eile agus ina gceiliúrann siad pléisiúr na léitheoireachta.

Ach an rud a fheicimid ná a mhalairt. Buiséad eile gan trácht ar leabharlanna scoile, in ainneoin go bhfuil Leabhair Pháistí Éireann ag moladh go dícheallach ar son ról na leabharlanna céanna.

Feicimid féilte liteartha ag gearradh siar ar a n-imeachtaí do pháistí, le go leor leor nach bhfuil ag cur imeachtaí ar bith i láthair do dhaoine óga. Seo hiad léitheoirí agus scríbhneoirí na todhchaí. Caithfear níos mó a dhéanamh.

Ar an taobh dearfach de, seoladh feachtas nua Discover Irish Kids Books i mí Lúnasa. Seo smaoineamh a tháinig ó Sarah Webb, a chur coiste le chéile chun an obair seo a dhéanamh. Tá sé mar aidhm ag an bhfeachtas scríbhneoirí agus maisitheoirí leanaí na hÉireann a chur chun cinn, agus a chinntiú go bhfuil aithne ag leanaí na hÉireann ar na scríbhneoirí agus na maisitheoirí céanna.

Faoi láthair, bheadh an chuid is mó de pháistí na hÉireann ag streachailt le scríbhneoir Éireannach do pháistí a ainmniú . Mar Laureate na nÓg, bhí mé an-sásta cuidiú ar aon bhealach a d’fhéadfainn leis an togra seo.

Tá an-tacaíocht faighte ag an bhfeachtas ó Leabhair Pháistí Éireann, leabharlanna agus siopaí leabhar ar fud na tíre chomh maith leis na meáin, agus cheana féin feictear dom go bhfuil an taoide ag casadh.

Idir an dá linn, sa chúlra, tá mé fhéin, Leabhair Pháistí Éireann agus Ruth Ní Eidhin, bainisteoir tionscadail Laureate na nÓg, gnóthach ag pleanáil The Whole Wild World Bus Tour, an teideal a thug muid ar an turas bus ar Shlí an Atlantaigh Fhiáin.

Tá na céadta iarratas faighte ó scoileanna, leabharlanna agus institiúidí cultúrtha. Anois, níl le déanamh ach an bealach a phleanáil!

Tá sé i gceist againn a bheith ar an mbóthar ar feadh coicíse. Ní féidir linn stopadh i ngach áit ach ba mhaith liom bualadh leis an oiread páistí agus is féidir.

We need your consent to load this rte-player contentWe use rte-player to manage extra content that can set cookies on your device and collect data about your activity. Please review their details and accept them to load the content.Manage Preferences


Bhí réamhamharc againn sa Helix ar an 19 Deireadh Fómhair nuair a tháinig an scríbhneoir agus maisitheoir Niamh Sharkey, agus na scríbhneoirí Dave Rudden agus Máire Zepf in éineacht liom chun labhairt le breis agus ceithre chéad páiste faoi leabhair agus leitheóireacht.

Bhí an-spraoi againn ann agus ba mhór an t-údar misnigh é leanaí a fheiceáil ag baint sult as comhrá faoi leabhair agus bheith ag léamh, agus ag obair go gníomhach le scéalta a chumadh in éindí linn.

Maidir liom féin, ba chúis áthais dom a fheiceáil go bhféadfadh na himeachtaí a shamhlaigh mé, ina ndéanann ealaíontóirí agus leanaí scéalta a chumadh le chéile, oibriú!

Tá go leor oibre le déanamh fós ar an tionscadal The Whole Wild World Tour agus níl Aibreán chomh fada ar shiúl agus a cheap mé, ach táim ag tnúth leis.

Le déanaí, bhí sé de phléisiúr agam labhairt le daoine ag Oireachtas na Samhna, Comhdháil agus Taispeántas Rannóg Leabharlanna Poiblí an LAI, agus Comhdháil Bhliantúil Chumann Litearthachta na hÉireann, ag scaipeadh an scéil faoi thábhacht na cruthaitheachta agus na léitheoireachta i saolta páistí.

Beidh laethanta dorcha an gheimhridh lán d’aislingí faoi Shlí an Atlantaigh Fhiáin agus scéalta agus eachtraí. Making it up as we go along!