Mar chuid de cheiliúradh don ghradam Foras na Gaeilge Leabhar Ficsin Gaeilge na bliana, tá sleachtaí ó na leabhair atá ar an ngearrliosta á fhoilsiú go heisiach againn.
Seo sliocht ó Imram agus Scéalta Eile le Róise Ní Bhaoill, a d'fhoilsigh Éabhlóid.
D'amharc sé orm bomaite sular shín sé siar a cheann, caol a bhráide ar ais aige mar a bheadh sé á tairgbheáil don tsaol mhór. Mhothaigh mé a chumhaidh. Bhí sí crochta ina fallaing thais air. Bhí fonn orm lámh shólásach a leagan air, ach bhí eagla orm dá ndéanfainn go mbrisfinn an geas.
"Bhuel," ar seisean sa deireadh, "chan rún ar bith é. Tá ord úr i réim ar bhaile s’againne, ord a chuir an eagla go smúsach sna daoine. Creid mise, nach bréag ar bith é nuair a deirim go raibh bunadh an bhaile ag siúl thart mar a bhainfí néal astu, na cloigne crom acu, oiread is dá gcuirfeadh sin as radharc namhad iad. Nár dheas an rud é?" ar seisean de gháire sceite agus lean sé air.
"Is maith mo chuimhne ar an lá ar chuala mé an fógra ar na callairí," ar sé, "ar an ghléasra sin nár iompair ach glaoch chun urnaí roimh a dteacht, comhartha caoin ar chasadh an lae nach raibh bagairt ariamh ann. D’ordaigh guth borb dúinn a dhul chun na hotharlainne. Theann an croí i m’ucht nó bhí eolas agam ar an áit, a bhuíochas sin do na ruathair rialta ón aer." Thuairiscigh sé gur mharaigh ruathar acu sin a aintín, agus gur san otharlann sin a tháinig sé uirthi, agus í teannta i mbraillín gheal. "D’aithin mé ó na biolair fola a bhreac an ghile sin gurbh é an srapnal a mharaigh í. Bhí sé mar a scríobhfadh duine inteacht scéal an áir ar a corp," ar seisean.
Bhí fonn orm a rá leis an uair sin nach le mo thoilse a tharla a leithéid, nach i m’ainmse a rinneadh é, ach níor labhair mé, nó tuigeadh domh gur braon i bhfarraige é, nár leor é, gur rabharta a bhí uainn. Lean seisean leis ag caint. Dúirt sé go raibh lucht na bhféasóg rompu san otharlann an lá sin fosta, gur threoraigh gob a ngunnaí isteach i seomra iad, áit a raibh na mairbh caite suas ar tháblaí agus ar thralaithe gan urraim ná cúram.
"Chuaigh muid ó dhuine go duine gan focal a rá," ar seisean. "Ar ámharaí an tsaoil, mheasfá gur scuaine páistí scoile muid ag triall ar ár lón. Bhog muid linn agus gan de thuar ann gur aithin fear duine de na mairbh, ach snag beag anois agus arís inár ngluaiseacht, nó bhí ciall cheannaithe againn anois agus thuig muid cár luigh ár leas."
Stad sé tamall ansin agus bhain sé ciarsúr as a phóca. Chuimil sé an t-éadan aige féin agus shuigh sé siar isteach sa chathaoir, é ag úthairt leis ar ruball an chiarsúir.
"Chonaic mise uaim cloigeann ciardhubh mo charad," a dúirt sé. "Chonaic mé an peann ina phóca brollaigh mar a bhíodh i gcónaí, ach go raibh an dúch anois ag bláthú ar a ucht. Chonaic mé na súile sin a bhí lán meidhir agus fiosrachta lá agus iad anois marbh ina cheann. Chonaic mé an poll gágach os cionn na cluaise aige agus shiúil mé liom. An dtuigeann tú?" ar seisean agus é ag amharc idir an dá shúil orm, "Shiúil mise liom."
Agus cé go raibh sé ag dúil liom labhairt, bhí mo bhéal ramhar agus focal níor labhair mé. Ní raibh a fhios agam an milleán nó maithiúnas a bhí uaidh.
"Mothaím sin anseo go fóill," ar seisean agus buaileann sé a ucht lena dhorn mar a bheadh sé ag déanamh gníomh dóláis. Mheas mé, agus mé ag amharc air, go raibh sé ar ais sa tseomra sin a bhí trom le boladh na fola, gur mhothaigh sé ar a theangaidh é, gur chigil sé cúl an sceadamáin aige. Lean sé leis ag trácht ar an lá sin agus níor mheas mé dá ndéanfainn iarracht go bhféadfainn bac a chur air.
"Bhí an choimhlint ag riastradh sna putógaí againn, an choimhlint sin idir do dhuine féin a aithint agus tú féin a chosaint, an choimhlint idir an domhan mar atá agus an cur i gcéill. Fágadh muid sa riocht is nach raibh de rogha againn ach imeacht linn agus an straidhn feirge a bhí ag brúchtaigh inár lár a shlogadh d’alp. Sin agat margadh bradach na beatha," ar seisean go lom.
Fógrófar buaiteoir Foras na Gaeilge Leabhar Ficsin Gaeilge na Bliana ag ócáid speisialta An Post Irish Book Awards a bheidh ar siúl in Ionad na Comhdhála i mBaile Átha Cliath ar an 22 Samhain 2023.