skip to main content

Sliocht as Ceallach le Diarmuid Johnson

Mar chuid de cheiliúradh don ghradam Foras na Gaeilge Leabhar Ficsin Gaeilge na bliana, tá sleachtaí ó na leabhair atá ar an ngearrliosta á fhoilsiú go heisiach againn.

Seo sliocht as Ceallach le Diarmuid Johnson, foilsithe ag Leabhar Breac.

Ó Bheannchar go Landevennec: an bhliain 591 d'aois ár dTiarna

Tá an t-aistear á thuar. Siúd curach á bealú, seol á scaradh, crann á shocrú, crugaí á neartú, maidí rámha á líomhadh. Siúd lón mara á thiomsú: an t-iasc saillte, an corn agus an bolg fionnuisce, snaidhm de mheas na coille, úlla glasbhuí agus cnónna, duileasc na carraige, bairíní cruithneachta, dhá chriathar meala.

Mór an téisclim fós: seithe bó, snáth caol crua, snáthaid agus saill na mbroc ar eagla shracadh an leathair fúinn nó ar eagla stialladh an tseoil. Áirím fós scian, cloch fhaobhair, crios, cuaráin, léine, fallaing agus fuan. An lón anama: saltair bhreac, pár bán, cleite biorach agus dúch. Cluinim monabhar na dtonn agus scréach faoileáin. Cluinim baint na gclog. Te Deum laudamus.

Sloinnim mo chomhbhádóirí: triar de chlanna Gall mar atáid Audiernus, Potentinus, Leobardus. I gcríocha Armorica a ndúchas sin triar. Fear de chlanna Sacsan darb ainm Caldwald. Duine de chlanna Breatan .i. Enoch darb ainm fós Idris i dteanga na Breatnaise. Mórsheisear de chlanna Éireann idir Chruithnigh agus Ghaeil: Eoghan agus Aodán, Luan agus Coimín, Columbanus agus Colmán Beag — maille le dearbhráthair liom féin darb ainm Deicheal. Is sinne an triar deág. Is dúinne a cinneadh an loingeas. Tá an naomhóg ar an meathsháile in Inbhear Beag Bheannchair. Tá léasbhánú an lae ann. Tugaimis cúl le hiath na hÉireann.

Aistear trí thráth déag ó Bheannchar Uladh go Bangor Breatan. Ceithre dhís ag iomramh, dhá dhís ar a seal, fear faire ar an seas deiridh. Tamall ó thuaidh de Dhomhnach Dé is ea a ligeamar bolg ar an seol. Bhí an chóir linn as sin gur scoitheamar Oileán Mhanainn. Sliabh Cuailnge siar uainn. An lear ag lagcháthadh fúinn.

Iomramh na chéad oíche ba mhall. Níor mhiste sin. Chaitheamar mír dár lón. D’éirigh gaoth roimh fháinne an lae. Scinneadh an bhairc thar toinn ba álainn éadrom. An dara tráth tar éis éirí gréine, b’shiúd mullach seaca ar bhun na spéire. An feic sin ba niamhrach. 'Eryri!’ arsa Idris, ‘Sléibhte na nIolar.’ As sin go Bangor, trí thráth. Bhíomar ag tadhall le tír roimh chrónú an lae. I mainistir Bhangor dúinn an oíche sin. Glóir do Dhia.

Ár mbráithre i mBangor ba thuirseach romhainn. Óir níorbh fhada ó lig patrarc na mainistreach a anam leis. Deiniol ab ainm don uasal-athair sin. Is é a rinne an teorainn chille i mBangor lena linn. Eisean ba chrann soilse do chách. Ainneoin a bháis, is cóir a d’fhreastail an teaghlach orainn. Trí lá go teora oíche dúinn san ionad sin.

Fágáil Bhangor. Ar thrá Hir-Erw ár dtionól chun aistir. Faonbhreac fós an lá in oirthear domhain. Chan bráithre Bangor briathra an cheiliúrtha. Thugamar an pax dá cheile. D’éirigh an naomhóg ar an gcéad toinn, agus fliuchadh faobhar ocht maide sa chúr. Lig éan mara scréach ar cholbha an dóilín.

Mór ár ndeifir feasta. An maol a scoitheadh, ag sin an chéad dúshlán. Aillte Môn ar thaobh na deasláimhe. Aillte Arfon ar thaobh na clí-láimhe. Gan eatarthu ach caolas sáile. Abhainn Menai is ainm don chaolas sin. Níl de leithead sa chaolas ach naoi n-iomaire agus naoi n-eitre. Níl aon domhain ann ach an leac agus fiacla na craige. Is iomaí barc a milleadh ann. Atá carraig ann darb ainm Carraig an Bháite.

Ár n-imeacht as Bangor Breatan ba imeacht leis an lán mara. An ré sa spéir i ndeireadh ceathrún. Mall an sruth sa chaolas. Ceithre dhís ag iomramh agus fear ar an stiúir. Gan seol ná bréid ar an gcrann.

Atá i gcaolsháile Menai trí chor mhóra. Samhail agam dóibh: nathair ina suan. An nathair sin níor mhúscail lenár ngabháil ina craos. Le tréan iomraimh do rángamar an fharraige mhór. Ar éalú dúinn ó chraos na nathrach, bhí an lá ag dáileadh a chuid solais orainn go fial.

Dlúth le leithinis Laighean Breatan a sheolamar as sin go ceann trí thráth. Inis bheag ag ceann na leithinse sin. Enlli ainm na hinse sin. Is iomaí fíréan arna adhlacadh in úir na hinse bige sin. In Enlli ní dheachamar i dtír. Tá guairneán garbhfharraige um an inis. Ó dheas linn gach ndíreach. An seol ar an gcrann chomh teann le bolg bó roimh bhreith a lao. Cruacha Breatan soir uainn i rith an lae. Bhí fios a sloinne ag Idris: Cadair Berwyn, Aran Fawddwy, Pumlumon Fawr. Is uasal na cruacha iad. A macasamhail ní fhacas le mo bheo in Uladh ná in Oirialla. Móraimis an tArdrí a chruthaigh an chruinne.

Fearthainn tráthnóna. A deir duine den fhoireann, ‘Ceatha mara níos tonnta móra.’ Is fíor an focal sin. Theilgeamar an seol anuas ar eagla na feothaine. Seal dúinn ag iomramh dá éis sin. D’éirigh neascóid faoi phlaic m’ordóige. Chuimlíos beagán saille di. Ghlan spéir. Bhí éanlaith na mara umainn go líonmhar glórach.

Atá i seanchas Breatan scéal faoin tír fo thoinn. Ba mhéith agus ba mhaith an machaire tíre sin fadó. Bhí áitreabh na ndaoine ann agus dún ina cheartlár. D’éirigh an fharraige dá leaba, ámh, agus bhris maidhm thar an tír. Theitheadar na daoine. Báthadh mórán.

Ó shin i leith, is faoi scáth na mbeann mór agus ar thalamh ard na sléibhte atá cónaí ar chlanna Breatan. Ba réidh ár seoladh feasta. An leoithne dár mbrostú. Ar nóin bheag, chaitheamar mír dár lón. Deoch uisce a d’ólamar. Crios talún ba léir uainn ó dheas. Bhí aill ann agus ard. De réir ár n-eolais ní raibh go ceann scríbe ach aistear trí nó ceithre thráth. Ach is dúinn ba

scíth i ndiaidh na fearthainne móire.

Is é comhairle a cinneadh linn dá bhrí sin gur ar athló ab fhearr tadhall le Cill Mhuine agus le tearmann Dháibhí. Molaimis an Tiarna: bhí muirbheach inseolta tamall uainn sa chuan a rabhamar. Chuamar i dtír gan mhoill ann ar leaba ghainimh. Cheangail dís de na bráithre an bád. Faoi mhuine mionchoille i mbarr an chladaigh is ea a thugamar an oíche. Níor ghearránta dúinn.

Fógrófar buaiteoir Foras na Gaeilge Leabhar Ficsin Gaeilge na Bliana ag ócáid speisialta An Post Irish Book Awards a bheidh ar siúl in Ionad na Comhdhála i mBaile Átha Cliath ar an 22 Samhain 2023.