Labhair Sláine Ní Chathalláin, craoltóir le RTÉ Raidió na Gaeltachta agus amhránaí ar an sean nós ar An Saol Ó Dheas faoina taithí ag Oireachtas na Samhna, áit ar bronnadh an dara háit uirthi i bpríomhchomórtas sean nóis na féile, Corn Uí Riada.
Seo an chéad bhliain don amhránaí a bheith istigh ar an bpríomhchomórtas toisc gur bhuaigh sí Corn na mBan ag an Oireachtas anuraidh. Mhínigh sí ar an gclár anois go bhfuil tréimhse cúig bliana aici anois leis an gcéad áit a bhaint sula mbeidh uirthi tosú ón tús arís.
Tá Sláine ag amhránaíocht ó bhí sí ina cailín óg agus deir sí gur pribhléid ab ea go bhfuair sí eolas agus traenáil ó amhránaithe áitiúla i gCorca Dhuibhne a chabhraigh léi a stíl féin a aimsiú agus anois go bhfuil sí ag smaoineamh ar na hamhráin a chur ar aghaidh chuig amhránaithe óga áta ina timpeall anois.
Éist siar le Corn Uí Riada anseo
We need your consent to load this rte-player contentWe use rte-player to manage extra content that can set cookies on your device and collect data about your activity. Please review their details and accept them to load the content.Manage Preferences
Is é Colm Jimí Ó Curraoin a fuair an chéad áit agus a thug leis abhaile Corn Uí Riada agus Caitlín Ní Chualáin a fuair a tríú háit sa chomórtas.