skip to main content

Beo Ar Éigean ar RTÉ Radio One: Cé leis an fhírinne anois?

An tseachtain seo, tá Sinéad, Áine agus Siún ag caint faoi choincheap na fírinne, coincheap atá níos doiléire ná riamh.

Ó chúlchaint go caint san aer, tá go leor leor rudaí cloiste againn thar na blianta a shíl muid a bhí fíor ach nach raibh. Anuas air sin, le fás agus forbairt na teicneolaíochta, tá ceisteanna breise le cur againn orainn féin nuair a shíleann muid go bhfuil íomhá nó físeán 'fíor' sa lá atá inniu ann. Mar thoradh air sin, an bhfuil muid i gcónaí in amhras?

Éist le Beo ar Éigean oíche Shathairn ar a 8 nó pé áit a fhaigheann tú do chuid podchraoltaí.