Fiosraíonn Elayne Devlin, as Baile Átha Cliath, na fáthanna go ndearna a huncail Paddy agus beagnach 70,000 Éireannach eile neamhaird ar neodracht na hÉireann le dul chun troda don Bhreatain sa Dara Cogadh Domhanda.
Thaistil déagóir Paddy Devlin ó Ghaillimh go Béal Feirste chun liostáil in Arm na Breataine in 1941, agus d'éirigh sé ina snípéir marfach.
Mar bhall d’Fhir Raidhfil Ríoga Uladh, rinne sé seirbhís i gcathlán faoileoirí a throid ar D-Day agus in ionradh na Gearmáine. Shábháil Paddy beatha cuid mhór dá chuid comrádaithe i ndiaidh dó an Réin a thrasnú ach gortaíodh é féin go holc.
Pléann neacht s’aige, iriseoir RTÉ Elayne Devlin, na cúiseanna gur chuir a huncail Paddy agus go leor eile a mbeatha i mbaol sa chath agus gur fhulaing siad naimhdeas sa bhaile le dul chun troda mar shaighdiúir den Choróin. Cuireadh fearadh na fáilte sa Bhreatain roimh fhir agus mná na hÉireann a liostáil le troid in aghaidh na Naitsithe i rith an chogaidh, ach níor cuireadh an fáilte chéanna rompu in Éirinn nuair a d’fhill siad abhaile.
Scéal a bhí ann a bhí fágtha amach den chuid is mó as stair na hÉireann le breis is leathchéad bliain. Tugadh neamhaird ar an ról suntasach a bhí acu in éacht chogadh na gComhghuaillithe, agus níor labhair na mílte teaghlach faoi nasc s’acu féin leis.
Ciúnaíodh na hÉireannaigh seo go dtí na 1990idí, nuair a bhí na Trioblóidí sa tuaisceart ag teacht chun deiridh. Anois féin a thugtar aitheantas d’íobairtí cróga na ndaoine seo i streachailt inar cailleadh beatha 5,000 Éireannach.
Sa chlár ceannródaíoch seo, insíonn teaghlach amháin a scéal féin, agus nochtar an stair rúnda sin.
Arna léiriú ag Imagine Media le tacaíocht ó Chiste Craoltóireachta Gaeilge Scáileán TÉ.
Dé Céadaoin 8/11 9.30pm ar TG4