Tá an duine a bheidh ag déanamh ionadaíochta ar son na hÉireann i mbliana ag Comórtas Amhránaíochta Junior Eurovision 2023 roghnaithe tar éis don phobal vóta a chaitheamh i ndiaidh babhta ceannais a bhí lán teannais ar Junior Eurovision Éire TG4.
Déanfaidh Jessica McKean ionadaíocht ar son na hÉireann ag comórtas na bliana seo in Nice sa Fhrainc Dé Domhnaigh an 26 Samhain 2023 agus beidh sí ag canadh an amhráin 'Aisling' a scríobh Niall Mooney agus a fhoireann.
Is í Jessica as Leifear i gCo. Dhún na nGall an duine is óige go dtí seo chun ionadaíocht a dhéanamh ar Éirinn. Bhuaigh Jessica, deich mbliana d'aois, a céad Feis nuair nach raibh sí ach trí bliana d’aois agus tá sí anois ar bís le bheith ina hábhar bróid ag an tír in Nice i mí na Samhna.
Beidh an 21ú Comórtas Amhránaíochta Junior Eurovision ar siúl ar an 26 Samhain in Nice sa Fhrainc agus craolfar beo é ar TG4. Adare Productions a léirigh Junior Eurovision do TG4 agus is iad Louise Cantillon agus Darragh Ó Caoimh a chur an tsraith i láthair. Bhí Niamh Ní Chróinín agus Aindriú de Paor i mbun moltóireachta agus fuair siad cúnamh ó aoi-mholtóirí eile, ina measc Niamh Kavanagh, Brooke Scullion, Brian Kennedy, Ryan O’Shaughnessy, Conor O’Donohoe agus Mickey Joe Harte.