Craoladh clár speisialta de chuid An Saol Ó Dheas beo ó Oireachtas na Samhna i gCill Áirne, áit ar pléadh staid reatha na Gaeilge agus na Gaeltachta le painéal saineolaithe.
I measc na gcainteoirí ar an ábhar bhí Gormlaith Ní Thuairisg, bainisteoir margaíochta le Údarás na Gaeltachta, Seán Tadhg Ó Gairbhí, eagarthóir Tuairisc.ie, Alan Titley, scríbhneoir.
Tús á chur leis an allagar le Alan Titley, @Gormfhlaith agus Seán Tadhg Ó Gairbhí @tuairiscnuacht pic.twitter.com/9ENUqOdK3t
— Saol ó Dheas RnaG (@saolodheas) November 2, 2023
Labhair Helen Ní Shé faoin Oireachtas, áit a bhraitheann na Gaeil láidir agus slán sa nead ach cad é mar atá cúrsaí Gaeilge nuair a fhágtar slán leis an Oireachtas gach bliain.
Ní inniu ná inné a thosaigh na fadhbanna seo a dúirt Gormlaith Ní Thuairisg agus í ag cuimhniú siar ar a hóige. Tá tacaíocht ann dóibh siúd a bhfuil sé uathu ach deir sí freisin go bhfuil an 'critical mass' caillte le blianta anuas. I ndeireadh an lae, deir Ní Thuairisg go bhfuil sí dóchasach don todhchaí ach go gcaithfidh greim a fháil ar an taoide anois.
Guthanna áirithe in easnamh ó chomhrá mór na teangan, adeir Aoife Ní Shúilleabháin. Ní féidir neamhaird a dhéanamh de thábhacht an Oireachtais i gcur chun cinn na teanga. pic.twitter.com/iXpLYPKVJT
— Saol ó Dheas RnaG (@saolodheas) November 2, 2023
Labhair an tOllamh Emeritus Alan Titley faoi thionchar an Bhéarla ar an domhan ar fad, ní hamháin in Éirinn ach go bhfuil an Béarla láidir i dtíortha i bhfad i gcéin. Tá Alan éadóchas agus dóchasach ag am céanna faoin nGaeilge.
Chuir Seán Tadhg Ó Gairbhí béim idir an cheangail idir na Gaeltachtaí agus an pobal a labhrann Gaeilge. Deir sé nach bhfuil daoine sásta glacadh leis an bhfianaise go bhfuil éigeandáil sna Gaeltachtaí, ach go háirithe polaiteoirí, ar eagla go mbeadh orthu ceisteanna a fhreagairt faoina ról féin ann.
Beidh Gaeilge ann ach cén saghas Gaeilge? Nóta scoir @saolodheas @RTERnaG inniu. pic.twitter.com/GQRIYVouW4
— Saol ó Dheas RnaG (@saolodheas) November 2, 2023