skip to main content

Beo ar Éigean ar RTÉ Radio One: Conas a fheiceann muid muid féin?

Tá Áine, Siún agus Sinéad ag caint faoina bhféiniúlachtaí ar eagrán na seachtaine seo, an tslí go ngléasann siad iad féin agus go bhfeiceann siad iad féin.

Nuair a thagann sé chuig féiníomhá, tá gach duine ar a n-aistear féin, Beo ar Éigean ina measc. D'fhéadfaí amhlaidh a rá faoi chúrsaí faisin, tá claochlú leanúnach ar bun ón uair go mbíonn neamhspleáchas againn muid féin a ghléasadh.

Éist le Beo ar Éigean ar RTÉ Radio One oíche Shathairn ar a 8 nó aon am pé áit a fhaigheann sibh bhur gcuid podchraoltaí.