Bhfuil tú ar lorg cuid den ceol traidisúnta is fearr sa tír le linn seasúr na Nollag? Is anseo ag Scoil Gheimhridh Ghaoth Dobhair a bheas an chraic!
Beidh an fhéile a fhoscailt ar an 27ú lá de mhí na Nollag ag an Cócaire, Ceoltóir agus amhránaí mór le rá Brian Danny Minnie Ó Domhnaill i dtí Hiúdaí Bhig, agus beidh ceol againn leis na ceoltóirí áitiúla "An Crann Óg" agus "Ó Ghúin go Glúin" as Béal Feirste. Beidh seisiún ceoil mór ann ina dhiaidh sin le críoch a chur leis an oíche, agus tá fáilte roimh chách.
Tá Gaoth Dobhair lonnaithe i gcroí-lár Gaeltacht Thír Chonaill, áit a bheas sraith imeachtaí le scoth na gceoltóirí ar nós "Ye Vagabonds", "Bláth na hÓige", Lillis Ó Laoire, Mairéad Ní Mhaonaigh, Eoghan Ó Ceannabháin agus go leor, leor eile. Beidh seisiúin cheoilar fud an pharóiste do dhaoine atá ag leibhéil eagsúla, chomh maith le seoltaí dlúthdhiosca chomh maith le Ceardlanna ceoil, damhsa agus amhránaíochta. Ná déanaigí dearmad ar Cóisir Mhór na Bliana Úire leis "Na Bonny Men", i láthair ghalánta úr ceoil Ghaoth Dobhair, "The Social".

Ma tá suim agat a bheith ag foghlaim uirlísí ceoil traidisiúnta, ag rá amhráin nó ag damhsa, beidh ceardlanna a reachtáil ón 28ú lá go dtí an 31ú lá de mhí na Nollag i bPobalscoil Ghaoth Dobhair, An Luinnigh. Beidh na Ceardlanna a dteagasc ag cuid de na ceoltóirí is fearr sa tír ar nós, an phíobaire Maitiú Ó Casaide ón ngrúpa "Na Bonny Men", seinnteoirí an chonsairtín Lorraine O'Brien & Caitlín Nic Gabhann, fidléirí Clare Friel ón ngrúpa "Altan" le Ciarán Ó Maonaigh, Méabh Ní Bheaglaoich ar an bhocsa ceoil, Eoghan Ó Ceannabhaín ar an fheadóg mhór, cupla steip ar an tsean-nós le Edwina Guckian agus go leor, leor eile. Beidh Ceardlann amhránaíochta againn le Maireád Ní Mhaonaigh ón ngrúpa "Altan" ach tá sé sin díolta amach! Tá níos mó eolais le fáil faoi na ceardlanna ar an suíomh www.scoilgheimhridh.com.
Beidh imeachtaí na féile ag cur futhú i bPobalscoil Ghaoth Dobhair, Amharclann Ghaoth Dobhair, An Chrannóg, The Social Venue agus i dTeach Hiudaí Beag. Tá Scoil Gheimhridh Ghaoth Dobhair buíoch go deo as an tacaíocht a fhaigheann sí ó lucht maoinithe na tíre, ar nós An Comhairle Ealaíona agus ár gcuid urraitheoirí uilig. Tá an tacaíocht seo fíor thabhachta don Scoil Gheimhridh, féile atá ag fás agus forbairt achan bhliain.
Thig níos mo eolais agus ticéidí a fháil ar an suíomh -www.scoilgheimhridh.com nó thig libh dul i dteagmhal linn ag +353749532208 nó ríomhphost a chur chuig scoilgheimhridh2023@gmail.com
Looking for some of the finest traditional Irish music in Ireland over the holiday season? Scoil Gheimhridh Ghaoth Dobhair, Donegal is the place to be! The festival will be opened on Wednesday, December 27th by local MasterChef, singer and musician, Brian Danny Minnie Ó Domhnaill, and will feature performances by local young musicians "An Crann Óg" and "Ó Ghlúin go Glúin" from Belfast. The night will end with a giant welcoming session, all of which is free entry, so everyone is welcome!
Located in the breath-taking Gaeltacht region of North-West Donegal, Gaoth Dobhair will see a series of events with performances by renowned artists such as "Ye Vagabonds", "Bláth na hÓige", Lillis Ó Laoire, Mairéad Ní Mhaonaigh, Eoghan Ó Ceannabháin, and many more. The festival will also include session trails for all levels, album launches, and workshops in music, song, and dance from some of the best performers. And don't forget about the Annual New Year's Eve Hooley, featuring the incredible "Bonny Men", which will take place in Gaoth Dobhair's stunning new venue, "The Social".

If you're interested in learning traditional Irish instruments, song, or dance; workshops will be held from December 28th to December 31st at Pobalscoil Ghaoth Dobhair, An Luinnigh. The workshops will be led by some of the most respected musicians in the country, including acclaimed Uilleann Piper Maitiú Ó Casaide of the "Bonny Men", Concertina players Lorraine O'Brien & Caitlín Nic Gabhann, Fiddlers Clare Friel of "Altan", and Ciarán ó Maonaigh, Méabh Ní Bheaglaoich on accordion, Eoghan Ó Ceannabháin on flute, sean-nós dancing with Edwina Guckian plus many more. Mairead Ní Mhaonaigh of "Altan" will also be leading a singing workshop, but it's already sold out. You can find full details of the workshops and book your place on www.scoilgheimhridh.com.
This year's festival will be held at Pobalscoil Ghaoth Dobhair, Amharclann Ghaoth Dobhair, An Chrannóg, The Social Venue, and Teach Hiúdaí Beag. Foireann Scoil Gheimhridh is grateful for the support of its funders, including the Arts Council of Ireland, and its many sponsors. Their support is of great importance for the festival, which continues to grow and be a highlight of the traditional music calendar. You can find full details of all events on www.scoilgheimhridh.com, where you can also purchase your tickets. Alternatively, you can call +353749532208 or email scoilgheimhridh2023@gmail.com for more information.