skip to main content

Plúr na gCeoltóirí agus Croí an Chultúir in An Old Song Re-Sung

Ceolchoirm bheo chun 100 bliain de Shaorstát na hÉireann a chomóradh á cur i láthair ag RTÉ agus ag South Wind Blows le Colm Mac an Iomaire agus Síle Denvir le Bláth na hÓige agus Liam Ó Maonlaí, Damien Dempsey, Aiden Gillen, Tolü Makay agus tuilleadh

Craolfaidh RTÉ, i gcomhar le South Wind Blows Ireland 100: An Old Song Re-Sung, ceolchoirm speisialta chun an chéad 100 bliain de Shaorstát Éireann a chomóradh Dé Luain an 30 Deireadh Fómhair, 9.30i.n. ar RTÉ One, RTÉ Player agus ar RTÉ Raidió 1.

Déantar comóradh in Ireland 100: An Old Song Re-Sung, trí thaibhiú, amhránaíocht, ceol, damhsa agus an focal labhartha, ar aon chéad bliain idir 1923 - 2023 trí léargas ar chultúr na hÉireann.

Leis na saothair agus taispeántais ó roinnt de na healaíontóirí, amhránaithe, ceoltóirí, damhsóirí agus craoltóirí is fíoráille in Éirinn - chomh maith le scannán cartlainne iontach agus teilgean socair - cruthófar atmaisféar tumthach tarraingteach smaointeach atá bunaithe ar chuimhní.

I measc na rannpháirtithe agus ealaíontóirí a bheidh páirteach, beidh: Dermot Kennedy, Damien Dempsey, Aiden Gillen, Tolü Makay, Colm Mac Con Iomaire agus Síle Denvir le Bláth na hÓige agus Liam Ó Maonlaí, Iarla Ó Lionáird, Donal Lunny agus cairde, Martin Hayes, FeliSpeaks, Sally Mulready OBE, London Irish Pensioners Choir agus neart eile.Fite fuaite tríd an taispeántas, tá príomhthéamaí scéal 100 bliain na hÉireann maidir leis an méid atá bainte amach, na teipeanna, na dúshláin agus na hathruithe. Tá féiniúlacht agus eispéireas an duine agus an freagra ealaíne agus cultúir a tugadh ar na hócáidí sin i gcroílár an taispeántais.

Bláth na hÓige

Tagann an teideal Ireland 100: An Old Song Re-Sung ó dhán le WB Yeats, 'Down By The Salley Gardens'. Ba é Yeats an chéad bhuaiteoir gradaim Nobel Éireannach sa Stát nua neamhspleách in 1923, an bhliain ar a bhfuil oscailt an taispeántais bunaithe. Ba í an bhliain 1923 an bhliain chéanna a ndeachaigh Éire isteach i gConradh na Náisiún nuabhunaithe, agus dá réir sin, tugadh aitheantas foirmiúil don tír agus rinneadh comóradh ar chead isteach na tíre sa phobal idirnáisiúnta.  Déantar comóradh ag an tráth seo ar dheireadh tréimhse a bhí thar a bheith claochlaitheach i stair na hÉireann inar chonacthas athrú ollmhór sóisialta agus polaitíochta agus an Stát nua a bhí ag teacht chun cinn ag déanamh a bhealaigh trí thodhchaí éiginnte lán le deiseanna.

Tá tacaíocht faighte ag Ireland 100: An Old Song Re-Sung ón Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán faoi Chlár Dheich mBliana na gCuimhneachán, 2012-2023.

Craolfar Ireland 100: An Old Song Re-Sung ar RTÉ One, ar an RTÉ Player agus ar RTÉ Radio 1 Dé Luain an 30 Deireadh Fómhair.