skip to main content

Féach Siar: Sarah Ghriallais agus Mícheál Ó Confhaola, Chuan an Cheoil

Is í an t-amhránaí sean-nóis mór le rá Sarah Ghriallais agus a mac Micheál Ó Confhaola a bheas le Liam Ó Maonlaí ar Cuan an Cheoil an tseachtain seo. Beidh neart scéalta, amhráin agus ceol le cloisteáil ar an gclár.

Amhránaithe ar an sean-nóis as Conamara iad an bheirt seo a bhfuil neart gradam bainte amach acu, Corn Uí Riada ina measc.

Clár comhrá agus ceoil é Cuan an Cheoil ina labhrann Liam Ó Maonlaí leo siúd atá i mbun an cheoil in Éirinn faoin aistear a bhí acu ina saol leis an gceol.

Cuan an Cheoil, Déardaoin, 7pm ar RTÉ Raidió na Gaeltachta.