skip to main content

Podchraoladh beo faoi Dracula mar chuid d'fhéile Bram Stoker

Mar chuid d'Fhéile Bram Stoker Chomhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath 2023, labhróidh Muiris Ó Fiannachta le haíonna speisialta, an tOllamh Alan Titley, an t-aisteoir agus stiúrthóir Caitríona Ní Mhurchú agus an scríbhneoir ficsin vaimpír-bhunaithe do pháistí, Orna Ní Choileáin.

Labhróidh siad faoi mhórthionchar cultúrtha Bram Stoker; a thionchar ar an litríocht, ar scannáin agus ar chultúr ár linne; agus pléifear aistriúchán Gaeilge Sheáin Uí Chuirrín ar Dracula ón mbliain 1933, ceann de na haistriúcháin Ghaeilge is iomráití dá bhfuil ann.

Tá áthas ar Raidió na Life fáilte a chur roimh bhaill den phobal teacht dá ndeoin agus dá saorthoil féin chuig podchraoladh speisialta neamhbheo, Sumairí agus na Neamhmhairbh, a thaifeadfar os comhair lucht éisteachta is féachana beo – nó neamhbheo... Bí linn sa Seomra Palaitíneach in Ard-Mhúsaem na hÉireann ag Dún Uí Choileáin ar an Domhnach, 29 Deireadh Fómhair ag a 3pm.

Fad: 1 uair an chloig

Aoisghrúpa: 12+. Ní mór do dhaoine fásta a bheith in éineacht le leanaí faoi bhun 18.

Inrochtaine: Tá an Seomra Palaitíneach oiriúnach do chathaoireacha rothaí.

Is féidir ticéid a cheannach anseo