skip to main content

Buaic-Ghradam Cumarsáide an Oireachtais fógartha

D'fhógair An tOireachtas go mbeidh Buaic-Ghradam Cumarsáide an Oireachtais na bliana seo á bhronnadh ar Eoghan Ó Néill iriseoir, craoltóir agus tráchtaire ilbhuach as Béal Feirste, as téagar, substaint agus sárchaighdeán a shaothair sna meáin chumarsáide thar na mblianta.

Tugann Buaic-Ghradam Cumarsáide an Oireachtais aitheantas do shaothar saoil in earnáil na meán cumarsáide Gaeilge.

"Tá cumhacht, crógacht agus ionracas i mbriathra Eoghan Uí Néill, bíodh siad clóite nó labhartha, agus bhí i gcónaí", a dúirt Máirín Nic Dhonnchadha, Ceannasaí an Oireachtais. "Níor sheas sé siar ó dhúshlán riamh, fiú nuair ab oilce a bhí na Trioblóidí i dTuaisceart Éireann. Bhí sé i dtús cadhnaíochta freisin ag baint leasa as teicneolaíochtaí nua chun an nuacht a chur amach os comhair an tsaoil mhóir. Déanaim comhghairdeas ó chroí leis as Buaic-Ghradam Cumarsáide an Oireachtais 2023 a bheith á bhronnadh air."

"Buaicphointe i saol iriseora ar bith an Gradam seo a fháil ón Oireachtas," arsa Eoghan Ó Néill.

"Agus is cinnte gur buaicphointe i mo shaolsa é m’ainm a bheith curtha leis an liosta le háireamh sin d’iriseoirí iontacha ar bronnadh an Buaic-Ghradam orthu. Is mór liom an t-aitheantas seo, atá ina aitheantas ní hamháin domsa ach do na daoine sin uilig a bhí i mo chuideachta, seal fada nó gairid, feadh an bhealaigh. Bhí an t-ádh orm go raibh riamh daoine iontacha i mo thimpeall, idir dhaoine óga fuinniúla díocasacha agus daoine níos aosta a raibh taithí agus tallann ar leith acu. Gabhaim buíochas ar leith le Coiste an Oireachtais as an onóir seo."

Béal Feirsteach as ceantar na bhFál ó dhúchas é Eoghan Ó Néill, áit ar tháinig sé faoi thionchar Ghaelphobal Bhóthar Seoighe, an chéad cheantar Gaeltachta uirbeach agus a d’fhág rian buan, seasta, ar a shaol féin agus ar shaol a bhuanchara, Gearóid Ó Cairealláin. Le chéile, bhunaigh an bheirt chara nuachtán seachtainiúil Gaeilge, Preas an Phobail, in 1981 agus ó 1984 ar aghaidh, foilsíodh an nuachtán go laethúil faoi theideal nua, Lá. Leis sin, leathnaigh tionchar an nuachtáin amach fud fad na hÉireann, ó thuaidh agus ó dheas. Bhunaíodar stáisiún raidió Gaeilge, Raidió Feirste, an bhliain dar gcionn, stáisiún a bhí ag craoladh gan ceadúnas go dtí 2006, tráth ar déanadh athbhrandáil air mar Raidió Fáilte. In 2008 bhunaigh Eoghan an nuachtán ar líne, Nuacht24.com., seirbhís nuachta ar líne a bhí ceannródaíoch ag an am sin.

D’oibrigh Ó Néill don iliomad meán thar na mblianta - chaith sé seal ag obair le Lá Nua; bhí sé ina Eagarthóir Gaeilge ar Nuachtán Bhaile Andarsan; scríobh sé don nuachtán Gaelscéal agus d’oibrigh sé ar chláir Ghaeilge an BBC. Is tráchtaire rialta é de chuid RTÉ Raidió na Gaeltachta ar chúrsaí reatha i dTuaisceart Éireann.

Bronnfar an gradam seo mar aon le trí ghradam déag (13) eile ag an Searmanas Bronnta a bheidh ar siúl san INEC, Cill Airne, Co Chiarraí, Dé Céadaoin, 1 Samhain 2023, ceann de mhórócáidí Oireachtas na Samhna 2023. Is ar an oíche a fhógrófar na buaiteoirí eile ar fad. Déanfar an ócáid á shruthú beo ar www.antoireachtas.ie & www.tg4.ie ag 8.00 p.m.

Tá an gearrliosta do na catagóirí ar fad chomh maith le gach eolas maidir le gníomhaíochtaí uile an Oireachtais le fáil ar láithreán gréasáin an Oireachtais, www.antoireachtas.ie