skip to main content

Barragram: Sraith nua taistil le feiceáil ar Sheinnteoir TG4

Le linn na sraithe spleodraí seo, ina bhfuil chuile chlár níos eachtrúla ná an ceann roimhe, cuirfidh an lucht féachana aithne mhaith ar Bharra Ó hÉineacháin agus ar a phearsantacht fhuinniúil chumasach chairdiúil agus é i mbun láithreoireachta den chéad uair. Tabharfar léargas ceart ar spiorad fiontrach an duine óig agus é ar saoire in Éirinn sa tsraith.

Fad is a bheifear ar aistear dochreidte ar fud fad na hÉireann, cuirfear scoth na n-aíonna óga, radharcanna dosháraithe agus imeachtaí iontacha os comhair an lucht féachana ar Barragram agus sé Barra féin a bheidh i ngreim sa GoPro ag déanamh taifeadta ar an gcraic ar fad …. agus é sa tóir ar an bpictiúr is fearr don ghram.

Tabharfar lucht féachana Barragram ar thuras spleodrach timpeall na hÉireann, ag tabhairt cuairt ar shuíomhanna áille na hÉireann, ag parafaoileoireacht i gCiarraí, ag dreapadh staca farraige i nDún na nGall agus ag snorcláil leis na rónta i nGaillimh. Tabharfaidh Barra faoi gach uile dúshlán gan faitíos.

Ach ní leor na himeachtaí fuinniúla seo do Bharra cainteach s'againne! Caithfidh sé a bheith ag cur aithne ar mhuintir na háite freisin! I ngach clár, casfaidh sé le hógánaigh áitiúla a inseoidh scéalta faoin áit dúinn agus a chuirfidh comhairle orainn chun go mbeimid ábalta lán tairbhe a bhaint as na nithe san áit a mheallann turasóirí. Ní féidir ach suntas a thabhairt do dhíograis agus d’fhiosracht Bharra ar gach uile eachtraíocht bheo!

Barragram

Anuas ar bheith ag coinneáil cainte leis an lucht féachana de shíor, feicfear Barra ag spochadh as lucht taifeadta an chláir freisin. I gCorcaigh, mar shampla, mealltar Aaron, fear an cheamara, le dul ag tumadh de dhroichead sa Chóbh. I mBaile Átha Cliath, feictear Adrian, fear na fuaime, ag sciáil leis lena threalamh. Is í Máire a bheidh in éineacht le Barra ar thuras cadhcála le héirí na gréine i nDún na nGall.

Dúirt stiúrthóir an chláir, Moya Rogers: "Theastaigh uaim an chraic a bhíonn ag criú i mbun taifeadta a thaispeáint. Bhí an t-ádh dearg orainn leis an bhfoireann thar a bheith cumasach a bhí againn -Adrian, Aaron, Brian agus Máire – a bhí lánsásta a bheith os comhair an cheamara freisin. D’éirigh linn ár spriocanna a bhaint amach go sciobtha chuile lá mar gheall ar an mbealach nádúrtha a ndearnadh taifeadadh ar na haíonna freisin! Chuir sé seo go mór le luas agus le beocht an chláir! Ní tharlódh sé sin murach cumas nádúrtha láithreoireachta Bharra! Tá ríméad orm gur éirigh linn áilleacht na suíomhanna éagsúla ar thug muid cuairt orthu fud fad na hÉireann a thaispeáint freisin! Geallann muid don lucht féachana nach mbeidh leadrán orthu ag breathnú ar an gclár seo ach go n-aireoidh siad rannpháirteach sna heachtraí cultúir ar fad!"

Ag labhairt dó faoi bheith ag cur a chéad sraithe teilifíse i láthair, deir Barra: "Bhí craic an domhain mhóir agam leis an gcriú agus leis na daoine uilig a casadh orm timpeall ár dtíre iontaí! Thaitin gach soicind beo liom! Ó lóistín dochreidte go bia blasta, ó bheith ag léim de shliabh thíos i gCiarraí go dtí a bheith ag dreapadh staca farraige thuas i nDún na Gall, bhí an-chraic agam! Is cinnte go bhfuil an sult agus sásamh a bhaineamar as ár n-aistear le feiceáil ar an scáileán! Tá mé thar a bheith buíoch de na daoine a bhí páirteach ó thús go deireadh agus tá mé an-sásta go bhfuil an grá agus an t-áthas le feiceáil i ngach radharc".

Féach ar Barragram anseo