skip to main content

Beo ar Éigean ar RTÉ Radio One: Cuimhní Craiceáilte

Labhair Sinéad, Áine agus Siún faoin lorg a d'fhág Rónán Mac Aodha Bhuí craoltóir agus cara, orthusan agus ar an saol trí chéile.

Cad is brí le tionchar na laethanta seo? Caitear an téarma thart go minic agus ní le meas i gcónaí. Is deacair tionchar an chraoltóra, Rónán Mac Aodha Bhuí a mheas mar gur fhág sé oidhreacht álainn, cruthaitheach agus craiceáilte ina dhiaidh.

An tseachtain seo, tá Beo ar Éigean ag caint faoin bhfear a bhris a múnla dúinn mar Ghaeil, a cheistigh go leor agus a chuir muid ag gáire.