skip to main content

Scéim chun cabhrú le múinteoirí feabhas a chur ar a gcuid Gaeilge

Tá Roinn na Gaeltachta ag cruthú scéim phíolótach nua chun cabhrú le múinteoirí bunscoil agus iarbhunscoile, agus teagascóirí luathbhlianta, feabhas a chur ar a gcuid Gaeilge.

Labhair Aisling Ní Dhiorbháin, Léachtóir i Scoil na Teanga, na Litearthachta agus an Oideachas Luath Óige, scoil de chuid An Institiúd Oideachais, Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath ar an gclár Tús Áite faoin scéim agus an gá leis.

Cé nach bhfuil sonraí na scéime ar fáil go fóill, chuir Aisling fáilte mhór roimh a leithéid de scéim mar go dteastaíonn 'tacaíocht go géar' agus spreagadh ó mhúinteoirí le feabhas a chur ar gcuid Gaeilge.

Deir sí freisin go bhfuil breis tacaíochta de dhíth ó mhúinteoirí maidir le teagasc na Gaeilge sa seomra ranga. Léiríonn taighde go mbíonn rath níos mó ar theagasc na mionteangacha i ndlinsí éagsúla nuair a bhíonn an tacaíocht seo ar fáil dóibh siúd atá ag múineadh.

I dtír na mBascach, cuireadh bliain shabóideach ar fáil do mhúinteoirí le feabhas a chur ar gcuid Bascaise agus bhí toradh na bliana sin le haithint i gcaighdeán foghlama na ndaltaí.

Léiríonn tuairiscí na gcigirí go bhfuil laigí le haithint i dteagasc na Gaeilge i scoileanna Béarla ach go háirithe agus go mbaineann na laigí seo le heaspa muiníne na múinteoirí. Deir Aisling freisin go bhfuil caidreamh lag ag cuid mhór múinteoirí leis an teanga lasmuigh den seomra ranga agus go gcabhródh teagmháil níos mó a bheith acu leis an teanga sa seomra ranga.