D'fhógair An Post Irish Book Awards a chuid gearrliostaí do 2023 ag ócáid ar an 19ú Deireadh Fómhair i EXO, i mBaile Átha Cliath.

Ar an ngearrliosta do ‘Foras na Gaeilge, Irish Language Fiction Book of the Year’ tá;

‘Ceallach’ le Diarmuid Johnson, foilsithe ag Leabhar Breac

‘Imram agus scéalta eile’ le Róise Ní Bhaoill, foilsithe ag Éabhlóid

‘Ag Dul i bhFad’ le Alan Titley, foilsithe ag Cló Iar-Chonnacht

‘Béal na Péiste’ le Fionntán de Brún, foilsithe ag Cló Iar-Chonnacht

‘Sa Pholl Báite’ le Anna Heussaff, foilsithe ag Cló Iar-Chonnacht

Tá an vótáil phoiblí oscailte agus is féidir do vót a chaitheamh anseo don leabhar Gaeilge is fearr leat - www.anpostirishbookawards.ie

Fógrófar buaiteoir an 'Irish Language Fiction Book of the Year' ag ócáid speisialta An Post Irish Books Awards a bheidh ar siúl in Ionad na Comhdhála i mBaile Átha Cliath ar an 22ú Samhain.