skip to main content

Tony Flannery: The Priest who refused to be silenced

Tonight on Misneach: Tony Flannery, at 9.30 on TG4, Tony Flannery speaks about how the Catholic Church treated him for questioning their teachings.

Léargas pearsanta ar shaol an tsagairt de chuid Ord an tSlánaitheora, Tony Flannery, a chuir an Vatacáin ar fionraí ón aireacht phoiblí in 2012 de bharr gur léirigh sé tacaíocht d'oirniú na mban, d'aontumha roghnach don chléir, pósadh comhghnéis agus a thuairimí liobrálacha ar homaighnéasacht.

Is sagart agus misinéir as Áth Tíomáin i gCo na Gaillimhe a bhfuil aithne mhaith air é Tony Flannery. Oirníodh ina shagart é in 1974.

11 bliain ó shin, in 2012, nuair a d’iarr Ard-Ghinearál Ord an tSlánaitheora air teacht chun na Róimhe fuair sé amach go raibh gearán déanta faoina chuid scríbhneoireachta san iris Reality le Diacaistir Theagasc an Chreidimh.

Tugadh píosa páipéir dó nach raibh sínithe, a d'ordaigh go gcuirfí ar fionraí ón ministreacht é.

Próiseas fada a bhí ann ina dhiaidh sin, rud a chiallaíonn go bhfuil cosc ar Tony labhairt in aon mhaoin de chuid na hEaglaise Caitlicí go dtí an lá atá inniu ann.

Ní bhfuair Tony amach riamh cé a thug an chúis ina choinne agus níor tugadh aon cheart dó achomharc a dhéanamh in aghaidh an chinnidh seo. In ainneoin gur tugadh deis dó filleadh ar an ministreacht dá síneodh sé ráiteas ag tréigean a chuid tuairimí agus ag aontú le teagasc morálta na hEaglaise agus lena seasamh i leith oirniú na mban – níor ghéill Tony.

Agus cairde agus teaghlach Tony rannpháirteach go croíúil ann, tugann Misneach : Tony Flannery guth do shagart a ndearna an eaglais ar thug sé a shaol di neamhshuim de.


Dé Céadaoin, 18 Deireadh Fómhair 2023 @ 9.30pm ar TG4