Is sárthaispeántas é "Céadlinte" de 14 de na filí nua is spreagúla atá ag scríobh i mBéarla agus i nGaeilge ar oileán na hÉireann sa lá atá inniu ann.
Cuirfidh siad saothar nua ar stáitse duinn atá úr, cumasach agus foirmithe go hiomlán. S'iad na filí a gheallann todhchaí leictrithe fhilíocht na Gaeilge. Roghnaigh Tara Bergin agus Aifric MacAodha filí na bliana seo.
Gormfhlaith Ní Shíocháin Ní Bheoláin
Is file, scríbhneoir, aisteoir, feadógaí, pianódóir, amhránaí ar an sean-nós agus rinceoir seite í Gormfhlaith Ní Shíocháin Ní Bheoláin. Tá sí i mbun máistreachta sa tSean- agus sa Mheán-Ghaelainn i gColáiste na hOllscoile, Corcaigh. Tá mórán duaiseanna bainte ag a cuid scríbhneoireachta agus ceoil, agus tá a saothar le léamh i bhfoilsiúcháin éagsúla, ina measc sna cnuasaigh Lampa ar Lasadh: Gradam Mháire Mhac an tSaoi agus Washing Windows Too: Irish Women Write Poetry, san iris Feasta, Comhar agus Nós agus na foilsiúcháin tríú leibhéil Breac, University Express, agus Tuathal.
Liam Ó hAnnagáin
Is as Ráth Maoláin i gcontae Dhún na nGall mé. Tar éis freastail ar Gaelscoil Adhamhnáin agus Coláiste Ailigh i Leitir Ceanainn, d'fhág mé slán le hÉirinn ar feadh tamall chun ollscoil a thoiseacht sna Stáit Aontaithe ag Yale University. Tá mé ag staidear le céim a bhaint amach i stair na healaíne. Oibrím mar stiúrthóir agus coimeadaí san Gailearaí Ealaíne Yale. Tá mé ag glacadh bliain as chun obair a dhéanamh san ealaín in Éirinn agus san Iodáil, ag an Peggy Guggenheim Collection i Venice. Bhuaidh mé an comórtas Trócaire Éigse Éireann i 2021 le dán i nGaeilge agus i mBéarla agus bhí dán foilsithe agam san Irish Independent.
Laoighseach Ní Choistealbha
Rugadh Laoighseach Ní Choistealbha in 1994 agus tógadh í i gceantar an Lagáin in Oirthear Dhún na nGall. Tá cónaí uirthi i nGaeltacht Chonamara anois. Tá dánta foilsithe aici i bhfoilseacháin éagsúla thar na blianta (Éigse Éireann, An Capall Dorcha, Comhar, Aneas agus HOWL (le teacht), srl.). Bhuaigh sí duais Foras na Gaeilge ag Seachtain na Scríbhneoirí, Lios Tuathail, in 2023.
Sam Ó Fearraigh
Is as Gort a’Choirce, i gContae Dhún na nGall, do Sam Ó Fearraigh. Tá filíocht leis foilsithe in Comhar, ROPES, Poblachd nam Bàrd, agus sa chnuasach Green Carnations/Glas na Gile (2021). Bhuaigh sé an chéad áit i gcomórtas slamfhilíochta Liú Lúnasa 2021. Bhuaigh a chuid dánta "Préamhacha" agus "Oirféas i mBaile Munna" an chéad agus an tríú áit faoi seach i rannóg Ghaeilge chomórtas filíochta Frances Browne sa bhliain chéanna.
Roghnaíodh a dhán "Mise Aerach" le plé ar an chéad eagrán den chlár Cóisir Filíochta ar BBC Raidió Uladh i Samhain 2021.
Roghnaíodh dán leis, "Ainmneacha," do Cruinneachadh – cnuasach de dhánta i dteangacha mionlaithe, aistrithe go Gàidhlig ag Marcas Mac an Tuairneir. Phléigh Sam agus Marcas ceisteanna teanga, féiniúlachta, agus filíochta in éineacht a chéile ag ócáid de chuid Fhéile Leabhar Dhún Éideann 2023.
In 2020, coimisiúnaíodh Sam chun véars-dráma gairid a scríobh do Ceangal | Dolen II, comhdháil idirnáisiúnta ar amharclannaíocht na mionteanga. Is féidir an dráma sin, Balbháin, a choimhéad ar-líne. I dteannta a chuid filíochta, foilsíodh prós gairid le Sam i Splonk agus sa chnuasach Bláth na dTulach. In 2021, bhain sé áit amach ar an chlár forbartha Amharclann na Mainistreach, "Abbey Begins," mar aon le háit i gceardlanna Fishamble Theatre, "Gaeilge ar Stáitse". Is comhscríbhneoir é den dráma Grindr, Saghdar, agus Cher (2023), a cuireadh i láthair ag Féile Idirnáisiúnta Ealaíon na Gaillimhe 2023.
Is scríbhneoir agus scéalaí é Sam ar Ros na Rún. Is ball bródúil é den chomharghrúpa AerachAiteachGaelach.
Seinnfidh ceoltóir Farah Eile den scoth in eineacht leis na filí.
This is an 18+ event. The event starts at 6pm. Doors open from 5pm for food and drink. Please visit www.glassmasktheatre.com to browse the menu of delicious evening food and a beautiful wine list available from Bestseller Cafe at the Glass Mask Theatre.