Gúna bainise traces the cultural and historical story of how the wedding dress became the iconic piece of fashion it is today. From Princess Diana's statement dress to the contemporary boho brides, follow the story of the wedding dress.
Caitear le haghaidh lá amháin é sula gcuirtear i dtaisce é - tá a scéal grá agus cumha ar leith féin ag baint le gach gúna bainise. Is iad seo fíorscéalta brídeoga de chuid na hÉireann arna n-insint trí scéalta faoin na gúnaí, faoin lá agus faoina ndaoine muinteartha agus cairde a bhí leo chun gach nóiméad draíochtúil a roinnt in éineacht leo.
Ó ghúnaí snasta agus simplí go dtí gúnaí móra millteacha a raibh gúnaí Diana ina n-ábhar inspioráide acu, ó na milliún muineál éagsúla, ón gcoirníneacht agus ó na roghanna éagsúla fuála; ní hamháin go dtugann gúna bainise léargas ar an mbrídeog, ach tugann sé léargas freisin ar an tréimhse sin agus ar an tsochaí inár caitheadh é.
Le guth aoibhinn Mhuireann Ní Dhuigneáin á dtreorú trí na deicheanna de bhlianta, trí na suíomhanna agus trí na scéalta, tugtar cuireadh le "An Gúna Bainise" do bhrídeoga fud fad na hÉireann a gcuid gúnaí bainise a thabhairt amach arís agus scéal a ngúna agus na tréimhse inar caitheadh é a insint dúinn. Cuirfear gúnaí agus brídeoga ó fud fad na hÉireann a dhéanann ionadaíocht ar bhreis is seachtó bliain de shochaí na hÉireann inár láthair a bhfuil a scéal speisialta féin ag baint le gach aon cheann acu.

Beidh dhá ghúna faoi thrácht i ngach clár, agus déanfar glúnta agus grúpaí sóisialta éagsúla a mheascadh ar fud cheantair uirbeacha agus thuaithe na hÉireann. Beimid ag caint le brídeoga atá óg agus le brídeoga a bhfuil croí óg acu mar aon le daoine muinteartha brídeog atá anois ar shlí na fírinne. Trí phictiúir theaghlaigh, scannáin bhaile agus cuimhneacháin, cuirfimid eolas ar gach brídeog agus ar an scéal a bhaineann lena ngúna.
Chun cuidiú gach scéal a insint, beidh an grúm, daoine muinteartha agus cairde in éineacht leis an mbrídeog agus tá a scéal féin le hinsint ag gach duine acu. Ag cur le gach scéal beidh an Dearthóir Faisin Deirdre Allen agus an Staraí Sóisialta Síle De Cléir a chuirfidh comhthéacs leis na gúnaí a bheidh againn, a thabharfaidh eolas faoin ré inar caitheadh iad agus mar a léiríonn siad na hathruithe níos leithne atá tagtha ar an tsochaí.
Meascann "An Gúna Bainise" scéalta a d'ardódh do chroí le scéalta tochtmhara ina bhfuair an grá an ceann is fearr ar chúrsaí mar aon le scéalta inár bhásaigh a leannán i bhfad ró-óg. Is scéalta fíora Éireannacha iad seo faoin teaghlach, faoin gcairdeas agus faoin ngrá arna n-insint trí na gúnaí, na háiteanna agus na daoine a thug ár gcuid lánúineacha le chéile trí ghlúnta éagsúla de stair agus de shochaí na hÉireann.
Dé Céadaoin ag 8.30pm ón 18 Deireadh Fómhair ar TG4