Cén chaoi a n-aithneoidh tú an difear idir smutmhadra agus smutmhadra ruiséalach? Cén chaoi a stopfaidh tú do choileán ag cogaint gach rud faoin spéir? Céard is ceart a dhéanamh le geiceo uaigneach?
Déanfaidh an láithreoir Tessa Fleming agus painéal saineolaithe ar an tsraith úrnua Peataí iniúchadh ar na ceisteanna sin ar fad agus tuilleadh.
Tá an-chion go deo ag muintir na hÉireann ar pheataí – ó mhadraí agus cait go muca guine, geiceonna agus píotón ríoga fiú! Cuirfear tús leis an tsraith nua ceithre chlár seo, Peataí, ar RTÉ One agus ar an RTÉ Player Dé Luain an 16 Deireadh Fómhair ag 8pm agus cuirfear roinnt de na compánaigh ainmhithe is sainiúla agus is gleoite atá in Éirinn agus na húinéirí iontacha atá acu in aithne.
Beidh an tréidlia Ellen Hegarty, an grúmaeir Paul Ó Gallachóir, agus an t-iompraí madraí Paula Doohan i dteannta an láithreora Tessa Fleming chun cuidiú le húinéirí aire a thabhairt dá bpeataí ionúine – ó chomhairle leighis go grúmaeireacht agus a bheith beagán dian fiú orthu ó am go ham.
Le linn na sraithe, casfaidh an tréidlia Ellen le Katie agus a cat spórtúil Oreo, a bhfuil beagán meáchain le cailleadh aige seans - ach an bhfuil an locht ar Oreo nó an mbeidh ar Katie bia deas an chait a chur i bhfolach ar a hathair? Idir an dá linn ag an mbord grúmaeireachta, casfaidh Paul agus Hannah le Louis álainn - coileán Yorkalier 4 mhí d'aois a bhfuil grúmaeireacht le déanamh air den chéad uair. Beidh obair mhór roimh an iompraí madraí Paula nuair a chasfaidh sí leis an gcóilí mórga garbh Jess a bhfuil faitíos uirthi dul sa charr, rud atá ag cur go leor struis ar a húinéir Ursula!
Is cuma má tá siad mór nó beag, fionnaitheach nó gainneach, cantalach nó neamhimníoch, feictear do na saineolaithe go bhfuil pearsantacht ar leith ag gach peata!
Ellen the vet and the animal experts can't wait to meet pets (and their humans) from every corner of the island of Ireland.
In Episode 1 of Peataí, the animal experts can’t wait to meet pets (and their humans) from every corner of the island of Ireland. Ellen the vet meets Katie and her fun-loving cat Oreo, who may need to shed a few pounds – but is Oreo to blame or does Katie need to hide the cat treats from her Dad? Meanwhile over at the grooming table, Paul and Hannah meet lovable Louis – a 4-month old Yorkalier pup who is about to be groomed for the very first time. Dog behaviourist Paula has her work cut out for her when she meets the majestic rough collie Jess whose fear of travelling in the car has caused no shortage of stress for owner Ursula.
Bí ag féachaint ar an tsraith nua, Peataí, Dé Luain an 16 Deireadh Fómhair ag 8.00pm ar RTÉ One agus ar an RTÉ Player.