Sraith úrnua shiamsaíochta do TG4 is ea 'Curfá' arna léiriú ag Tyrone Productions agus á cur i láthair ag Doireann Ní Ghlacáin ina rachaimid sa tóir ar an gcór is fearr in Éirinn!
Thar deich seachtaine, rachaidh ocht gcór déag den scoth in iomaíocht lena chéile go dtí nach mbeidh fanta ach trí chór. Beidh na trí chór sin páirteach sa bhabhta ceannais ansin le haíonna fíor-speisialta!
I halla an Helix i mBaile Átha Cliath a reáchtálfar an comórtas seo agus canfaidh gach cór dhá amhrán sula rachaidh dhá chór in iomaíocht lena chéile lena rogha curfá féachaint le dul céim eile chun cinn i dtreo an bhabhta ceannais. Beidh siad ar fad ar a ndícheall ag iarraidh an duais mhór a bhaint amach, €5,000 agus deis canadh ar stáitse le duine de réalta móra na tíre seo, Nathan Carter!

I measc na gcór freisin tá The Harmammies Choir, grúpa máithreacha agus leanaí a thugann na leanaí chuig na cleachtaí (agus a thug leo go dtí an Helix iad!), The HSE Harmonies Choir ar oibrithe sláinte sa HSE iad a gcuid ball, agus an grúpa speisialta The Ukrainian Action Choir ar teifigh ón Úcráin iad a gcuid ball atá tagtha go hÉirinn agus a chanann i nGaeilge chomh maith le hamhráin agóide san Úcráinis. Canfar amhráin a thaitneoidh le gach duine den lucht féachana, ó amhráin thraidisiúnta, chórúla, snagcheoil, popcheoil, agus ceol gaspal.
Beidh siad uile ag iarraidh dul i bhfeidhm ar ár moltóirí eolacha, Moya Brennan, Colm Ó Foghlú agus Nell Ní Chróinín.
Is í Moya Brennan duine de cheoltóirí agus amhránaithe is mó le rá na tíre seo. Tá cáil dhomhanda bainte amach aici lena cuid ceoil féin agus le banna ceoil an teaghlaigh Clannad, grúpa a d’eascair ó bheith ag canadh le cór a máthar i nGaoth Dobhair sna 1980idí. Tá 25 albam taifeadta agus breis is 20 milliún ceirnín díolta aici. Meastar Moya agus Clannad a bheith ina mbunaitheoirí ar an gceol ceilteach comhaimseartha agus tá ardmheas orthu mar gheall ar an méid ollmhór atá déanta acu chun leaganacha nua-aimseartha a dhéanamh as sean-amhráin Ghaeilge. Is é guth dosháraithe Moya a tréith is aitheanta mar gur ionann é agus ceol Chlannad agus ceol Gaelach go ginearálta. Tá 17 albam taifeadta aici le Clannad agus tá gradam Grammy, BAFTA agus duais Ivor Novello buaite aici dá mbarr.
Tá an domhan mór siúlta ag Colm Ó Foghlú, cumadóir, stiúrthóir, scríbhneoir agus léiritheoir, lena chuid oibre, ón Astráil go dtí an Eoraip agus ón Áis go Meiriceá Thuaidh. Bhí sé ina stiúrthóir ceoil do Riverdance, tá iliomad léiriúchán agus albam cumtha, léirithe agus cóirithe aige. Agus é ina chomhstiúrthóir ar Ember Productions chruthaigh sé réimse léiriúchán, ina measc Stones, Bones and Beckett i dTuama Pasáiste Neoiliteach na bhFuarchnoc sa Mhí, Frozen Music i Mainistir Meánaoiseach Naomh Mhuire i mBaile Átha Cliath, agus Scoring The Stone, coimisiún ó Chomhdháil Seandálaíochta an Domhain i mBaile Átha Cliath, 2008.
As Béal Átha an Ghaorthaidh i nGaeltacht Mhúscraí i gContae Chorcaí Nell Ní Chróinín. Tá sí báite i dtraidisiúin amhránaíochta a ceantair ó bhí sí an-óg agus thosaigh sí ag canadh ag 11 bhliain faoi scéim amhránaíochta áitiúil, Aisling Gheal, a bhfuil sé mar aidhm aige amhráin áitiúla a chaomhnú tríd iad a mhúineadh don chéad ghlúin eile. Bhain sí gradaim mhóra amach ina déagóir san amhránaíocht ar an sean-nós. Bhuaigh sí a haoisghrúpa ag Fleadh Cheoil na hÉireann in 2005 agus 2006. Is í an duine is óige riamh í chun Gradam Ceoil Amhránaí na Bliana TG4 a thabhairt léi, gradam a bronnadh uirthi in 2012 agus thug sí léi duais mhór Chorn Uí Riada in 2014. Faoi láthair, tá sí ina príomhamhránaí leis an ngrúpa traidisiúnta aitheanta, Danú.
Cén cór a ainmneofar ar an gcór is fearr in Éirinn? Is gearr go mbeidh a fhios againn é.
Dé Domhnaigh ag 8.30pm ar feadh 10 seachtaine ón 15ú Deireadh Fómhair 2023.