skip to main content

Clúdach cuimsitheach ar Lá na Cáinaisnéise ar RTÉ RnaG

Beidh clúdach cuimsitheach ar Cháinaisnéis 2024 le cloisteáil ar RTÉ Raidió na Gaeltachta. Díreoidh na cláracha chúrsaí reatha ar an méid a thitfidh amach ó am lóin ar aghaidh.

Tosóidh an clúdach agus anailís i gclár le Máirín Ní Ghadhra. Beidh painéal saineolaithe ina cuideachta, agus iad i mbun anailíse ar an méid a fhógraítear inniu.

Orthu sin, beidh an comhairleoir cánach Ciarán Ó Féinneadha, an tráchtaire polaitiúil Áine Ní Chiaráin, Ciarán Mac an Bhaird, Ceann Scoile Fiontar & Scoil na Gaeilge, Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath, Seán Ó Riain, Ollamh Socheolaíochta in Ollscoil Mhaigh Nuad, agus Cuan Ó Seireadáin, Eagraí Polaitíochta RTÉ RnaG.

Lá na Cáinaisnéise will feature budget coverage from 1.30 pm live from Leinster House. Máirín Ní Ghadhra will present the programme, and panellists will include tax consultant Ciarán Ó Feinneadha, political commentator Áine Ní Chiaráin, Ciarán Mac an Bhaird, Head of Fiontar and Scoil na Gaeilge in DCU, Seán Ó Riain, Professor of Sociology at Maynooth University, and RTÉ RnaG Political Editor Cuan Ó Seireadáin.

We need your consent to load this rte-player contentWe use rte-player to manage extra content that can set cookies on your device and collect data about your activity. Please review their details and accept them to load the content.Manage Preferences


Leanfar leis an bplé agus an anailís ar an gCáinaisnéis ar an gclár seo le Fachtna Ó Drisceoil beo ó Theach Laighean. Beidh painéal saineolaithe ar an gclár, agus iad ag plé na himpleachtaí a bheas ag na cinnithe atá fógartha inniu ar an bpobal tré chéile, agus ar earnálacha faoi leith, agus cloisfimid tuairimí ó ionadaithe poiblí ó gach páirtí.

The budget analysis will continue on Tús Áite from 5pm, presented by Fachtna Ó Drisceoil live from Leinster House.Panellists will analyse the implications and likely political fallout of the decisions announced in the Budget, and we'll hear reaction from public representatives from across the political spectrum as well.