skip to main content

Tarrac: Scannán nua Gaeilge sna pictiúrlanna inniu

Dráma é TARRAC atá suite ar imeall an domhain, ar chósta agus ar fharraige Leithinis an Daingin. Áit ina bhfuil tíreolaíocht fhiáin, áit a bhfuil a hintinn féin ag an aimsir agus ag na daoine. Tá mórtas áite agus croíúlacht ag baint le TARRAC.

Is dlúthstaidéar carachtair é ar bhean a n-éiríonn léi, tríd an tóir atá aici ar spórt, a bheith sásta arís agus glacadh léi féin. Tá greann, briseadh croí agus aicsean iontach mar aon le radhairc áille de thírdhreach agus d'fharraigí Ghaeltacht Chiarraí sa chúlra fite fuaite tríd an scannán. Is scannán é TARRAC faoi aghaidh a thabhairt ar an saol arís agus faoi chumhacht an mhaithiúnais.

Deir Eugene "gur ón gcroí a tháinig TARRAC dó féin, Declan agus Clíona agus go raibh Ciarraí ríthábhachtach don scannán. Is sa tírdhreach seo a bhfuil cáil ar fud an domhain air agus a mbíonn farraige mhór an Atlantaigh á réabadh a fhaightear an bád ar leith - an Naomhóg. Tá féiniúlacht den scoth ag an áit sin ón teanga go tírdhreach, na pearsana agus an bád í féin go deimhin."

We need your consent to load this rte-player contentWe use rte-player to manage extra content that can set cookies on your device and collect data about your activity. Please review their details and accept them to load the content.Manage Preferences


Is iad Kelly Gough, Lorcan Cranitch, Kate Nic Chonaonaigh, Kate Finegan, Rachel Feeney agus Cillian Ó Gairbhí na príomhaisteoirí

I gceantar álainn Chorca Dhuibhne ar leithinis an Daingin i gContae Chiarraí a taifeadadh an scannán Gaeilge seo TARRAC a bhfuil duaiseanna buaite aige agus is iad Kelly Gough (Kill Command, Out of Innocence) Lorcan Cranitch (Lakelands, Aisha, Róise & Frank) Kate Nic Chonaonaigh (An Cailín Ciúin, Song of Granite, Shadow Dancer), Kate Finegan (Joyride, Rós na Rún), Rachel Feeney (Belfast, Death on the Nile) agus Cillian Ó Gairbhí (Róise & Frank, Foscadh) na príomhaisteoirí.

Bhí an léiritheoir Clíona Ní Bhuachalla (Seamus Heaney – Out of the Marvellous, The Clinic), an scríbhneoir Eugene O Brien (Eden, Pure Mule) agus stiúrthóir Declan Reeks (Pure Mule, The Running Mate, Scúp) i mbun cainte maidir le scannán Gaeilge a dhéanamh.

Filleann Aoife Ní Bhraoin (Kelly Gough) abhaile chun cabhrú lena hathair 'The Bear' Ó Braoin (Lorcan Cranitch) atá ag teacht aige féin tar éis taom croí.I rith an ama seo, caitheann Aoife dul i ngleic le bás a máthar, briseadh croí a bhfuil neamhaird déanta aici dó go dtí seo. Tá go leor fós nach bhfuil pléite aici féin agus ag a hathair.Cuireann Aoife aithne arís ar ghrúpa rámhaithe agus tugann an fhoireann seo, ar mná iad go léir, aghaidh ar an iomaíocht mhór a bhíonn i gceist leis na rásaí Naomhóg.

Beidh TARRAC le feiceáil i bpictiúrlanna na hÉireann ón 6 Deireadh Fómhair 2023