Bíonn Liam Ó Maonlaí ag comhrá agus ag casadh ceoil le haíonna difriúla gach seachtain sa tsraith seo, agus an tseachtain seo beidh Cormac de Barra ina chuideachta.
Is cruitire den scoth é Cormac,as Baile Átha Cliath, agus tá sé ar an tríú glúin cruitirí sa teaghlach. Bíonn sé ag casadh ceoil le an-chuid ceoltóirí aitheanta, ina measc Moya Brennan, Altan, Clannad agus Brian Kennedy, agus tá go leor albam curtha amach aige. Sa chlár seo inniu, labhróidh sé faoi thionchar a sheanmháthar, cruitire eile, Róisín Ní Shé, agus faoi bheith ag obair le Moya Brennan, agus casfaidh Cormac agus Liam ceol álainn dúinn. Beidh an clár seo le feiceáil ar líne freisin gach seachtain ar mheáin shóisialta RTÉ RnaG. Seo léiriú de chuid Stiúideo Cuan, maoinithe ag Coimisiún na Meán leis an Táille Ceadúnais Teilifíse.

This week, Liam Ó Maonlaí will be joined by award-winning harper Cormac de Barra. Cormac is from Dublin, and is a third generation harper. He has performed with many well-known artists including Moya Brennan, Altan, Clannad and Brian Kennedy, and has released many recordings. His conversation with Liam today touches on the influence of his grandmother, harper Róisín Ní Shé, as well as his work with Moya Brennan, and more, and Liam and Cormac will play some gorgeous music for us too.
Cuan an Cheoil, RTÉ Raidió na Gaeltachta 7pm Déardaoin.