May and Séamus Mc Gee changed the course of history in Ireland when they refused to accept the contraception ban in Ireland and fought their way to the Supreme Court, playing a part in changing the laws in Ireland
Dé Céadaoin, 4 Deireadh Fómhair 2023 @ 9.30pm ar TG4
Ní fhéadfadh May ná Séamus McGee a shamhlú go gcuirfeadh a n-iarracht deireadh a chur leis an gcosc ar fhrithghiniúint in 1972 athrú buan ar shochaí na hÉireann
Nuair a rinne May agus Séamus McGee teagmháil le haturnae in 1972 chun a n-imní faoi fhrithghiniúint a bhí faoi thoirmeasc a chur in iúl, ní raibh aon tuairim acu go dtiocfadh athrú ar an dlí mar thoradh ar an gcás a d'eascair as, dlí atá tar éis tionchar mór a imirt ar shochaí na hÉireann.
Sa bhliain 1972, bhí frithghiniúint mídhleathach in Éirinn. Cé go bhféadfadh mná an piolla a fháil óna ndochtúir teaghlaigh féin, bhí cosc iomlán ar tháirgí frithghiniúna a dhíol.
I gcás May McGee, áfach, bhí mórdheacrachtaí leighis aici le linn di a bheith torrach an chéad trí bhabhta, agus thug a dochtúir rabhadh di go neamhbhalbh go bhféadfadh sí a bheith i mbaol báis ó thoircheas eile. Mar gheall air seo rinne May iarracht glóthach speirmicídeach a iompórtáil. Ach gabhadh an pacáiste a bhí ar a bhealach chuici, agus bagraíodh príosún ar an máthair óg.
Níor chuir sé sin lagmhisneach uirthi féin ná ar a fear céile agus thug siad dúshlán an dlí go teanntásach. Cé gur rialaigh an Ard-Chúirt ina gcoinne, bliain ina dhiaidh sin, in 1973, bhuaigh an lánúin a gcás ar achomharc sa Chúirt Uachtarach, agus sé bliana ina dhiaidh rinneadh frithghiniúint dleathach.
Sa chlár faisnéise seo a mhaireann uair an chloig, roinneann May agus Séamus cartlann phearsanta nach bhfacthas riamh cheana agus iad ag roinnt cuimhneacháin atá pearsanta agus oscailte agus lán le mothúcháin. Chomh maith le tuairimí ó bhaill eile den teaghlach, molann staraithe mór le rá agus gníomhaithe ar son chearta an duine gníomhartha na lánúine neamhphostúil seo ó na Sceirí.
Tá cás McGee v An tArd-Aighne anois ina chás cinniúnach i stair na hÉireann. Léiríonn an clár faisnéise cinniúnach, croíúil seo de chuid Midas Productions le haghaidh TG4, an phráinn a bhain leis an tréimhse sin agus na himpleachtaí suntasacha a bhain leis do lánúineacha pósta.
Wednesday, 4 Deireadh Fómhair 2023 @ 9.30pm ar TG4