skip to main content

Athrú meoin i leith na timpeallachta

I mbliana ag Féile Bídh an Daingin, rinneadh iarrachtaí le dul i ngleic leis an gcur amú ábhar ag féilte dá leithéid. Cuireadh tús le feachtas 'beir leat do bhabhla' ach conas a d'éirigh leis? Labhair Darach Ó Murchú ar An Saol Ó Dheas faoi.

Tá féile bídh an Daingin ar cheann na féilte bídh is mó sa tír seo. Cothaíonn féilte mar seo neart neart bruscair agus ó cuireadh tús leis an bhféile áirithe seo, tá cúrsaí timpeallachta lárnach ann. I mbliana, dúirt Darach go raibh athrú meoin sna sluaite a tháinig chuig an bhféile.

Cé go raibh feabhas mór ar chúrsaí, deir Darach go bhfuil dúshláin fós le sárú ag an bhféile mar go raibh daoine a tháinig lena mbabhlaí féin a úsáid ach nach raibh ar fáil ach babhlaí aon-úsáid á dtabhairt amach ag roinnt soláthróirí.

Féile bídh an Daingin

Is gá dúinn ar fad seasamh le chéile agus muid ag iarraidh an bruscar a laghdú ag féilte dá leithéid, a deir Darach. Mura seasann muid le chéile don domhan, beidh muid in sáinn, rud atá soiléir cheana féin maidir le hathrú aeráide.

Léirigh roinnt gnóanna dea-shampla agus iad chun cinn ar ábhar aon-úsáid ach tá obair mhór le déanamh chun sprioc na bliana a bhaint amach, an fhéile ar fad a bheith saor ó dhramhaíl, céim mhór chun cinn.