Ag tosú ag 8pm Déardaoin an 5 Deireadh Fómhair ar TG4
Mealladh mór do lucht turasóireachta, siúlóirí agus lucht eachtraíochta sléibhte, farraigí agus cóstaí na hÉireann. Níor baineadh sásamh chomh mór riamh as bheith amuigh faoi spéir agus a baineadh le cúpla bliain anuas. Chuir an phaindéim COVID ar na súile ceart dúinn na nithe atá againn féin ar leac an dorais.
Ach is féidir le rudaí dul mícheart i bhfaiteadh na súl. Agus nuair a tharlaíonn sé sin, bíonn na mílte oibrithe deonacha ar dualgas 24/7 faoi réir le teacht i gcabhair orainn. Ó tháinig Covid, tá na foirne tarrthála, ar oibrithe deonacha iad den chuid is mó, gnóthach ó cheann ceann na bliana. Tá an traenáil a fhaigheann siad, an trealamh atá acu agus an líon glaonna amach a fhaigheann siad ar chaighdeán thar a bheith gairmiúil. Is daoine iad seo atá tugtha go hiomlán don obair seo, atá go mór i bhfách lena bpobail féin, atá faoi réir le dul ag cuardach agus ag tarrtháil ar bheagán fógra.
I Samhradh agus Fómhar na bliana 2022, bhí foirne ó Big Mountain Productions i dteannta fhir agus mhná Gharda Cósta na hÉireann, na bhfoirne tarrthála sléibhe agus na mbád tarrthála pobail ar fud na hÉireann. Bhaineamar úsáid as ábhar ginte úsáideoirí ó theicneolaíocht a bhí á caitheamh acu agus as dróin chun na scéalta seo a chur i láthair an lucht féachana.
Bhí teacht le linn na sraithe ar ionad comhordúcháin an Gharda Cósta i nDairbhre. Leantar ceann de cheithre héileacaptar tarrthála an Gharda Cósta lánaimseartha atá lonnaithe sa tír seo - an R118 atá lonnaithe sa Leathros i Sligeach. I gcroílár na sraithe áfach tá dúthracht iontach agus obair mhór na n-oibrithe deonacha atá lonnaithe fud fad na hÉireann. Tá na fir agus mná seo ag obair gan íocaíocht in aonaid an gharda cósta feadh an chósta ó Mhálainn go dtí an Grianfort, na foirne tarrthála sléibhe go báid tarrthála cois cladaigh pobail.
Feicfear an traenáil, an bailiú airgid mar aon leis na carachtair áitiúla atá ag obair in aonaid dheonacha an Gharda Cósta. Ina measc Gardaí Cósta sa Mhaoil Rua agus sa Bhun Beag i nDún na nGall, Ros an Mhíl i gConamara agus Rinn Chathóir i Loch Garman.
Taispeánfar na scileanna agus an traenáil a chaitear a dhéanamh le bheith i do bhall d'fhoirne Tarrthála Sléibhe. Beidh foirne Shligigh/Liatroma, Chiarraí, Bhaile Átha Cliath/Chill Mhantáin agus Tarrtháil Sléibhe an Oirdheiscirt atá lonnaithe i gCluain Meala le feiceáil i mbun oibre ar an gclár.
Cuirfear aithne ar oibrithe deonacha ón aonad tarrthála madraí speisialtóra SARDA a thaispeánfaidh an obair thar a bheith tábhachtach a dhéanann na hoibrithe deonacha iad mar aon leis na madraí tarrthála fad is a bhíonn siad ag cuardach daoine atá ar iarraidh.
I nDúlainn, beimid i dteannta na foirne tarrthála pluaise ag eachtra tarrthála den scoth.
Tá dúthracht agus díocas na bhfoirne deonacha tarrthála cois cladaigh, a bhunaítear go minic nuair a tharlaíonn tragóid, tochtmhar agus spreagúil ag an am céanna - tá trí cinn déag de na haonaid seo ar fud na tíre agus casfaimid leis na foirne atá ag obair i bpéire de na haonaid sin - i dTrá na Beannaí i gCiarraí agus i gCuan Bheanntraí, Iarthar Chorcaí.
Ag tosú ag 8pm Déardaoin an 5 Deireadh Fómhair ar TG4