skip to main content

An Tolg Liteartha: Ócáid álainn i gCill Dara

Dé Céadaoin seo, 4 Deireadh Fómhair, ar 7in in Ionad Ealaíon Chois na hAbhann nó an Riverbank Arts Centre sa Droichead Nua, Co. Chill Dara, cuirfear buaiteoirí na nGradam Foilsitheoireachta na bliana seo faoi agallamh ag Tristan Rosenstock ó RTÉ Raidió na Gaeltachta don Tolg Liteartha mar mhórimeacht de chuid Fhéile Léitheoirí Chill Dara.

We need your consent to load this rte-player contentWe use rte-player to manage extra content that can set cookies on your device and collect data about your activity. Please review their details and accept them to load the content.Manage Preferences


Ar an tolg in éineacht le Tristan agus na buaiteoirí beidh na scoláirí liteartha Gaeilge an tOllamh Tríona Ní Shíocháin agus an Dr Liam Mac Amhlaigh, léachtóir in Ollscoil Mhá Nuad chomh maith chun a gcuid tuairimí a thabhairt dúinn faoi ghearrliostaí agus buaiteoirí na bliana seo agus faoin méid a insíonn siad dúinn faoi litríocht chomhaimseartha na Gaeilge. Déanfar taifeadadh ar an imeacht le craoladh mar chlár aonair speisialta ar Raidió na Gaeltachta le linn shéasúr na Nollag.