Is acmhainn úr oideachais é seo le tacaíocht a thabhairt do litríocht na sraithe shóisearaí. Léirithe ag Súgradh Teo bunaithe ar 11 dán ó shiollabas na Gaeilge don tsraith shóisreach, déantar na dánta a athshamhlú go físiúil chun tacú le scoláirí ina gcuid staidéir do Scrúdú Stáit na Sraithe Sóisearaí.
Neadaithe i gcroílár an Aigéin Atlantaigh atá an t-oileán miotasach, Inis Friotal. Oileán is ea é atá faoi dhuilliúr méith, a bhfuil aibhneacha ag sreabhadh tríd faoi sholas glioscarnach na gealaí. Tá rún speisialta á choinneáil ag muintir an oileáin seo, is é sin go bhfuil féith na filíochta go smior iontu.
Ar Inis Friotal, bíonn focail mhuintir an oileáin ag rince ar a dteanga; iad ag cur a gcuid mothúchán agus smaointe in iúl i véarsaí áille ceolmhara.
Gach duine seachas aon oileánach amháin. Níor éirigh le fear óg díograiseach, an bleachtaire Colm Bó, cás a réiteach go fóill, in ainneoin go bhfuil muinín mhór aige, cásanna a bhaineann le téamaí, mothúcháin agus samhlaíocht a chomhoileánach. An rithfidh an t-ádh leis? Feicfimid..
Fáilte go hInis Friotal.
Léirithe agus stiúrtha ag Léiriú Súgradh Teo, is tionscnamh pobail é seo, le haisteoirí ó Ghaeltacht Mhúscraí agus Cathair Chorcaí.
Léiríodh an togra seo le tacaíocht ó; An Chomhairle um Oideachas, Gaeltachta & Gaelscolaíochta, Plean Teanga Mhúscraí agus Gréasán na Meán Skillnet.
Is iad na dánta atá clúdaithe sa sraith seo ná;
Athair, Deochaidh Dorais, Jeais ar Scoil, An Ghealach, Sámhchodladh, Filleadh ar na gCathair, Stadeolaíocht, Cad É, Dán do Lara, Ceist na Teangan, An Grá.
Is féidir Inis Friotal a fheiceáil anseo