skip to main content

Aitheantas faighte ag scoth na leabhar

Dfhógair An tOireachtas, i gcomhpháirt le Foras na Gaeilge, buaiteoirí na nGradam Foilsitheoireachta 2023: Gradam Réics Carló (Leabhar na Bliana don Léitheoir Óg); Gradam Uí Shúilleabháin (Leabhar na Bliana don Léitheoir Fásta) agus Gradam de Bhaldraithe (gradam do shaothar aistrithe go Gaeilge ó theanga eile).

Foras na Gaeilge a dhéanann urraíocht ar na gradaim bhliantúla seo. Is í Cathaoirleach an Fhorais, Regina Uí Chollatáin i dteannta Uachtarán an Oireachtais 2023, An Dr. Gearóid Denvir, a rinne an bronnadh. Bronnadh Gradam Uí Shúilleabháin ar an teach foilsitheoireachta, Cló-Iar Chonnacht, ar son an leabhair, Béal na Péiste le Fionntán de Brún. Is ar an teach foilsitheoireachta Futa Fata a bronnadh Gradam Réics Carló don saothar Amuigh Faoin Spéir a scríobh Sadhbh Devlin agus a mhaisigh Brian Fitzgerald. Bronnadh Gradam de Bhaldraithe ar Leabhar Breac, ar son an leabhair, Cuairt san Nicolás a d’aistrigh Darach Ó Scolaí.

"Déanaim comhghairdeas ó chroí le Leabhar Breac, Cló-Iar Chonnacht agus Futa Fata a bhfuil gradam foilsitheoireachta bronnta orthu inniu agus leis na tithe foilsitheoireachta ar fad a bhí ar ghearrliostaí na bliana seo" a dúirt Máirín Nic Dhonnchadha, Ceannasaí an Oireachtais. "Molaim an obair fhiúntach cheannródaíoch atá ar siúl i measc na dtithe foilsitheoireachta, scríbhneoirí, maisitheoirí agus aistritheoirí go léir a dhéanann cinnte go bhfuil sárfhoilseacháin i nGaeilge ar fáil do léitheoirí na Gaeilge".

Buaiteoirí na hoíche

Ag an ócáid chéanna, sheol COMHAR, i gcomhpháirt le Foras na Gaeilge, an chéad chéim eile den tionscadal ilchéimneach, ilbhliantúil, Portráidí na Scríbhneoirí Gaeilge. Bhronn Cathaoirleach Fhoras na Gaeilge, Regina Uí Chollatáin, portráidí ar scríbhneoirí a bhí páirteach sa tionscadal in 2023 agus d’fhógair an Dr. Liam Mac Amhlaigh, eagarthóir Phortráidí na Scríbhneoirí Gaeilge, na scríbhneoirí a bheidh san áireamh in 2024: Ciara Ní Éaneacháin, Eithne Ní Ghallchobhair, Majella Ní Dhomhnaill, Matt Hussey, Michelle O Riordan, Ógie Ó Céilleachair, Seán Tadhg Ó Gairbhí agus Seán Ua Súilleabháin.

Dúirt Cathaoirleach Fhoras na Gaeilge, Regina Uí Chollatáin,"Tréaslaím le buaiteoirí na nGradam Foilsitheoireachta, leis na foilsitheoirí féin, na húdair, na maisitheoirí agus na haistritheoirí uilig ar ghearrliostaí 2023. Léiríonn ardchaighdeán na bhfoilseachán an rogha fhairsing atá ar fáil i mbliana do léitheoirí Gaeilge idir óg agus fásta. Ábhar mórtais atá i liosta na Scríbhneoirí Gaeilge 2024 ó thaobh ilchineálacht na réimsí agus a bhfuil bainte amach ag na scríbhneoirí go dtí seo."

Leanfar leis an gceiliúradh ar bhuaiteoirí na nGradam Foilsitheoireachta le linn Féile Léitheoirí Chill Dara san Amharclann Riverbank, Cill Droichead, Co. Chill Dara ag 7.00 p.m. Dé Céadaoin, 4 Deireadh Fómhair 2023 tráth a mbeidh mórimeacht liteartha na Gaeilge, An Tolg Liteartha, ar siúl. Beidh buaiteoirí na ngradam faoi agallamh ag an sárchraoltóir, Tristan Rosenstock (RTÉ Raidió na Gaeltachta).

Beidh tuilleadh scríbhneoirí Gaeilge, scríbhneoirí úrnua agus údair bhunaithe ina measc, ag fáil aitheantais freisin le linn Oireachtas na Samhna a bheidh ar siúl i gCill Airne, Co. Chiarraí ó 1-5 Samhain 2023, tráth a mbronnfar Duaiseanna Liteartha an Oireachtais 2023. Seo ceann amháin de na himeachtaí atá ar chlár spleodrach fhéile na bliana seo, ag áireamh freisin: Gradaim Chumarsáide an Oireachtais, comórtais taibhealaíne, seimineáir, seoltaí leabhar/dlúthdhiosca, ceardlanna, clubanna na féile, seisiúin cheoil, amhránaíochta, eolais agus go leor eile.

Na Gradaim Foilsitheoireachta 2023

GRADAM UÍ SHÚILLEABHÁIN Leabhar na Bliana don Léitheoir Fásta

BÉAL NA PÉISTE

Scríbhneoir: Fionntán de Brún - €2,500

Foilsitheoir: Cló Iar-Chonnacht - €5,000

GRADAM RÉICS CARLÓ Leabhar na Bliana don Léitheoir Óg

Amuigh faoin Spéir

Údar: Sadhbh Devlin - €1,250

Maisitheoir: Brian Fitzgerald - €1,250

Foilsitheoir: Futa Fata - €5,000

GRADAM DE BHALDRAITHE Leabhar na Bliana do Shaothar Aistrithe go Gaeilge ó Theanga Eile

CUAIRT SAN NICOLÁS

Aistritheoir: Darach Ó Scolaí - €500

Foilsitheoir: Leabhar Breac - €1,500

Portráidí na Scríbhneoirí Gaeilge 2024

  • Ciara Ní Éineacháin: file agus blagadóir
  • Eithne Ní Ghallchobhair: scríbhneoir don aos óg, foclóirí, agus scríbhneoir acadúil
  • Majella Ní Dhomhnaill: úrscéalaí agus gearrscéalaí
  • Matt Hussey: scríbhneoir eolaíochta agus staraí
  • Michelle O Riordan: staraí, scríbhneoir spioradálta agus Ollamh Cúnta in Institiúid Ard