Seoladh an leabhar, Nain, le Sláine Ní Chathalláin le déanaí i gCorca Dhuibhne. Bhí An Saol Ó Dheas i láthair agus labhair siad leo siúd a bhí i láthair faoi shaibhreas an leabhair agus Nain féin.
Leabhar é Nain a thugann léargas dúinn ar shaol agus ar mheon Nain agus í ag cur fuithi i nGaeltacht Chorca Dhuibhne ar feadh a saoil. Labhrann Sláine faoin gcaidreamh álainn atá aici lena seanmháthair agus faoin méid a d'fhoghlaim sí uaithi ina saol.
Tá leabhar Nain le ceannach ar fáil anseo