Craoladh cláracha speisialta an tseachtain seo caite ar RTÉ Raidió na Gaeltachta in ómós do chraoltóir agus cara an stáisiúin agus na nGael ar fad, Rónán Mac Aodha Bhuí.
Tháinig ceoltóirí agus cairde le Rónán chomh fada le stiúideo na nDoirí Beaga le cuimhní cinn a roinnt le Áine agus éisteoirí an chláir ar an bhfear ar a dtugtaí an tArdRí.
