skip to main content

Féach: Dónal O' Connor ar Chuan an Cheoil

Beidh Liam Ó Maonlaí ag comhrá agus ag casadh ceoil le haíonna difriúla gach seachtain sa tsraith seo, agus pléifidh siad nithe éagsúla, ó chúrsaí ceoil, go cúrsaí an tsaoil go ginearálta.

Dónal O'Connor is Liam Ó Maonlaí’s guest in the second programme in the series.

Inniu, is é Dónal O’Connor a bheas ina chuideachta. Tá clú agus cail bainte amach ag Dónal mar cheoltóir uirlise, mar chumadóir, agus mar léiritheoir agus láithreoir teilifíse. Beidh scoth an cheoil agus comhrá le cloisteáil uaidh féin agus Liam ó Maonlaí ar an gclár seo tráthnóna.

Cuan An Cheoil, Déardaoin, 7pm ar RTÉ Raidió na Gaeltachta.