Tháinig an drochscéal inné go bhfuil Rónán Mac Aodha Bhuí imithe ar shlí na fírinne. Tháinig foireann na na nDoirí Beaga le chéile i gclár speisialta de chuid Barrscéalta le ómós a léiriú dá gcara agus dá gcomhghleacaí ceannródaíoch.
Labhair cairde agus comhghleacaithe faoi chruthaitheacht Rónáin ar an aer, faoina dhánaíocht mar chraoltóir agus faoin mbealach séimh a bhí aige le dul i ngleic le hábhair a bhí íogair.
I measc na n-aíonna a labhair faoi Rónán, bhí Micí Whiting, Liam Ó Maolaodha agus Pól Mac Ruairí, Cormac Ó Cuinn agus Bríd Ní hIcí.
Craolfar cláracha speisialta Bhladhaire in ómós do Rónán, Déardaoin agus Dé hAoine idir 3 agus 5 ar RTÉ Raidió na Gaeltachta.