Beidh Liam Ó Maonlaí ag comhrá agus ag casadh ceoil le haíonna difriúla gach seachtain sa tsraith seo, agus pléifidh siad nithe éagsúla, ó chúrsaí ceoil, go cúrsaí an tsaoil go ginearálta.
An tseachtain seo, is é Dónal O'Connor a bheas ina chuideachta. Tá clú agus cail bainte amach ag Dónal mar cheoltóir uirlise, mar chumadóir, agus mar léiritheoir agus láithreoir teilifíse. Beidh scoth an cheoil agus comhrá le cloisteáil uaidh féin agus Liam ó Maonlaí ar an gclár seo tráthnóna. Beidh an clár seo le feiceáil ar líne freisin gach seachtain ar mheáin shóisialta RTÉ RnaG. Seo léiriú de chuid Stiúideo Cuan, maoinithe ag Údarás Craolacháin na hÉireann leis an Táille Ceadúnais Teilifíse.

Liam Ó Maonlaí is joined each week in this series by different musical guests for a chat, and to play together. The conversations with guests range from musical matters, to family, and all elements of life. This evening, Liam will be joined by Dónal O’Connor. Dónal, from Co. Louth, is a renowned musician and composer, a TV producer and presenter, and himself and Liam have a wide-ranging discussion on the programme on Thursday evening, and bring us some wonderful music too. A visual stream for this programme will be available on RTÉ Raidió na Gaeltachta’s social media platforms every week. This series is funded by Coimisiún na Meán with the Television Licence Fee.
Cuan an Cheoil, Déardaoin ar RTÉ Raidió na Gaeltachta, 7pm