Sa bhliain 2021, chruinnigh Rónán buaicphointí a chláir Rónán Beo @3, ó cheol beo go comhráití craiceáilte, seo cuid de chraoltóireacht den scoth ó cheannródaí an chultúir.
Caitheann Rónán Mac Aodha Bhuí súil siar ar bhuaicphointí na sraithe Rónán Beo @ 3. I measc na gceoltóirí atá le cloisteáil ar an gclár seo tá banna Appalachian ó Mheiriceá, Furnace Mountain, Gerry Banjo O' Connor, Emma Ní Fhíoruisce, Gino Lupari, Conor Ó Gallachóir agus Jimmy Crowley.
Sa chlár seo, tá ceol beo bailithe ag Rónán ón uair go raibh sé 'ag trampáil thart ar an tír' mar a deir sé féin agus ceol ón Stevie Dunne as Béal Feirste, Breanndán Ó Beaglaoích ag rá Plúirín na mBan Donn Óg.
We need your consent to load this rte-player contentWe use rte-player to manage extra content that can set cookies on your device and collect data about your activity. Please review their details and accept them to load the content.Manage Preferences