Labhair muid le Sadhbh Rosenstock, bunaitheoir Picnic Press faoina togra nua agus staid reatha na foilsitheoireachta don aos óg in Éirinn.

Cad a spreag tú le tús a chur le Picnic Press?

D'eisigh Gael Linn ceirnín de mo chuid dar teideal Picnic Teidí sa bhliain 2020 agus ansin an ceirnín/leabhar Teach Teidí i mbliana. Is ón taithí sin a tháinig an smaoineamh agus an t-ainm don teach foilsitheoireachta Picnic Press chugam. Sílim gur thuig mé ón tús go bhféadfaí cur leis an sraith leabhar bliain i ndiaidh bliana agus rith sé liom go mbeadh ciall le teach foilsitheoireachta a bhunú chun an tsraith a fhorbairt ar bhonn leanúnanach. Táim ag obair le maisitheoir dochreidte - Ciara Ní Dhuinn - a rinne na léaráidí do na leabhair agus na tréiléir leabhar. Is ar éigean gur féidir liom duine cipíneach a tharraingt agus an t-ádh liom go bhfuil an méid sin taithí agus tallann ag Ciara!

An dóigh leat go bhfuil go leor leabhair Ghaeilge ann do dhaoine óga sa lá atá inniu ann?

Tá réimse fairsing leabhar Gaeilge ag siopaí cosúil leis An Siopa Leabhar agus Siopa Chló Iar-Chonnacht agus sílim go bhfuil éacht á dhéanamh ag foilsitheoirí, scríbhneoirí agus maisitheoirí na Gaeilge. I mo thuairimse, níl dóthain leabhar Gaeilge ann do dhaoine óga mar go léifeadh léitheoir óg craosach leabhar nó dhó in aghaidh na seachtaine.

Cad a léann tú féin nuair nach bhfuil tú ag plé le leabhair do pháistí?

Dáiríre píre, is beag seans a fhaighim leabhair do dhaoine fásta a léamh faoi láthair! Is aoibhinn liom a bheith ag léamh leis na cailíní ag am luí agus tá an-dúil acu i leabhair de chuid Áine Ní Ghlinn, Sadhbh Devlin, Myra Zepf, agus go leor eile nach iad. Is breá leo leabhair Mhamaí agus leabhair Dhaideo a léamh gach oíche chomh maith. Is minic go gcodlaíonn siad leis na leabhair ó Picnic Press faoin bpiliúr!

Cá bhfeiceann tú Picnic Press i gceann cúpla bliain?

Cá bhfios! Ba bhreá liom Picnic Press a fhorbairt bliain i ndiaidh bliana agus beidh trí leabhair nua ag teacht amach i dtús na bliana seo chugainn. Tá neart oibre i gceist leis sin, dar ndóigh, ach measaim go bhfuil an t-ádh liom a bheith ag obair in earnáil atá lán le daoine atá an-spreagúil, tacúil agus cineálta. Tugann Áis agus An Siopa Leabhar an-tacaíocht dom agus táim go mór faoi chomaoin acu. Tá trí theideal anois ar fáil ag picnicpress.ie agus ainmniúchán faighte ag an leabhar Teach Teidí do Ghradam Réics Carló. Tá na leabhair eile a ainmníodh don Ghradam sin ar ardchaighdeán, leabhar a scríobh mo chéile Tristan agus leabhar de chuid m’athair céile Gabriel ina measc. Is cinnte go mbeidh oíche go maidin againn ag Gradaim Foilsitheoireachta Oireachtas na Gaeilge!

We need your consent to load this YouTube contentWe use YouTube to manage extra content that can set cookies on your device and collect data about your activity. Please review their details and accept them to load the content.Manage Preferences

Teach foilsitheoireachta do léitheoirí óga is ea Picnic Press atá paiseanta faoi leabhair Ghaeilge. Bunaíodh Picnic Press i mí Eanáir 2023. An aidhm atá againn ná leabhair ar ardchaighdeán a chruthú do léitheoirí óga, do thuismitheoirí agus do chúramóirí. Tá béim faoi leith ar rannta, ar amhráin, ar spórt is ar spraoi! Tá an leabhar Teach Teidí ar fáil anois ag picnicpress.ie agus i siopaí fud fad na tíre. Tá dhá leabhar pictiúr nua díreach foilsithe ag Picnic PressTeidí agus an Foghlaí Mara agus Teidí agus an Dineasár. Tá na leabhair seo bunaithe ar amhráin ón leabhar Teach Teidí. Is iad Sadhbh Rosenstock agus Ciara Ní Dhuinn a scríobh agus a mhaisigh na leabhair.

Tuilleadh eolais ag picnicpress.ie

Picnic Press is a children's publishing company, passionate about Irish-language books. It was set up in January 2023. Picnic Press aims to create books that will encourage children, parents and caregivers to foster their love of reading Irish-language books for pleasure. Snuggle up with your favourite teddy bear and enjoy some fun-filled reading time, some songs and some rhymes! Teach Teidí is available now at picnicpress.ie and in book shops around the country. Picnic Press has just published two new picture books – Teidí agus an Foghlaí Mara and Teidí agus an Dineasár. These picture books are based on songs from the book Teach Teidí. The books are written by Sadhbh Rosenstock and illustrated by Ciara Ní Dhuinn.

For more information visit picnicpress.ie