Seo é an chéad uair riamh ag sraith dhráma móréilimh TG4, Ros na Rún, páirt a ghlacadh i chéiliúradh Oíche Chultúrtha agus is deis iontach é don lucht leanúna dhul ar an seit agus deis freisin d'aon duine a bhfuil spéis acu san earnáil Teilifíse.
Tá oscailt eisiach ag Ros na Rún mar chuid den chlár d'Oíche Chultúrtha 2023 ó 4.30 i.n. – 6.30 i.n. ar an Aoine, 22 Meán Fómhair 2023 don lucht leanúna a mbeidh réamh áirithintí déanta acu.
Tugtar cuireadh do lucht leanúna Ros na Rún, maraon le lucht leanúna na hOíche Cultúrtha, a n-áiteanna a chur in áirithe roimh ré le haghaidh turas eisiach a bheith acu taobh thiar de na radharcanna agus deis a fháil a bheith páirteach sa seisiún Ceisteanna & Freagraí na sraith dhráma Teilifíse Gaeilge móréilimh. Ní bheidh le déanamh ach ríomhphost a sheoladh chuig leiriuchain@rosnarun.com le haghaidh réamh áirithint a dhéanamh.
Gealltar eispéireas den scoth do dhaoine, áit a dtabharfar léargas dóibh faoin méid a bhíonn i gceist nuair a bhítear ag cur sraith dhráma Theilifíse i dtoll a chéile. Beidh na seiteanna aonair le feiceáil chomh maith leis na spásanna léiriúcháin agus leis an Seomra Glas agus beifear ag foghlaim faoin méid a bhíonn i gceist leis an script scríbhneoireacht, leis an aisteoireacht agus ar ndóigh na luachanna léiriúcháin. Chuile mhíle ní a bhíonn ii gceist le haghaidh an dráma a thabhairt chuig ár scáileáin Theilifíse.
Is é Ros na Rún, atá ar na scáileáin anois le 28 Séasúr, an t-aon tsraith dhráma Theilifíse in Éirinn atá lonnaithe faoin tuath. Is ag an dráma Teilifíse Gaeilge seo atá an t-aon seit Teilfíse dá chineál atá in úsáid agus atá tógtha go sonrach dó féin amháin agus é suite ar Shlí Atlantaigh Fhiáin na hÉireann. Lena chois sin, is é an léiriúchán ealaíonta is mó uilig é taobh amuigh de Bhaile Átha Cliath. Bíonn gar de 180 duine fostaithe ann le linn an tséasúir léiriúcháin. Ní bheidh a shárú d'eispéireas le fáil ag lucht leanúna Ros na Rún ná acu siúd a bhfuil spéis mhór acu san aisteoireacht, sa scríbhneoireacht nó i léiriúchán Teilfíse. Caithfidh siad an deis iontach seo a thapú!