Seo an chéad chlár i sraith nua de Chuan an Cheoil ar RTÉ Raidió na Gaeltachta le Liam Ó Maonlaí. Beidh Liam ag comhrá agus ag casadh ceoil le haíonna difriúla gach seachtain sa tsraith, agus pléifidh siad nithe éagsúla, ó chúrsaí ceoil, go cúrsaí an tsaoil go ginearálta. Is iad Maighread agus Tríona Ní Dhomhnaill a bheas ina chuideachta inniu.

Tá aithne agus cáil ar Mhaighread agus Tríona Ní Dhomhnaill le blianta fada anuas. Bhunaigh siad an grúpa Skara Brae lena ndeartháir Micheál agus Dáithí Sproule ag tús na seachtóidí, agus chas siad ar stáitsí an domhain ó shin le ceoltóirí den chéad scoth.

Bhunaigh siad an grúpa T with the Maggies le Moya Brennan agus Mairéad Ní Mhaonaigh sa bhliain 2007. Labhrann siad le Liam inniu faoi na blianta fada atá caite acu i saol an cheoil, agus na cuimhní cinn is fearr atá acu ó na blianta sin.

Cuan an Cheoil, Déardaoin, 7pm ar RTÉ Raidió na Gaeltachta.