skip to main content

Tríona agus Maighread Ní Dhomhnaill ar Chuan an Cheoil

Liam Ó Maonlaí interviews Maighread and Tríona Ní Dhomhnaill in the first programme of a new series of Cuan an Cheoil.

Seo an chéad chlár i sraith nua de Chuan an Cheoil le Liam Ó Maonlaí. Beidh Liam ag comhrá agus ag casadh ceoil le haíonna difriúla gach seachtain sa tsraith, agus pléifidh siad nithe éagsúla, ó chúrsaí ceoil, go cúrsaí an tsaoil go ginearálta. Is iad Maighread agus Tríona Ní Dhomhnaill a bheas ina chuideachta inniu. Tá aithne agus cáil ar Mhaighread agus Tríona Ní Dhomhnaill le blianta fada anuas. Bhunaigh siad an grúpa Skara Brae lena ndeartháir Micheál agus Dáithí Sproule ag tús na seachtóidí, agus chas siad ar stáitsí an domhain ó shin le ceoltóirí den chéad scoth. Bhunaigh siad an grúpa T with the Maggies le Moya Brennan agus Mairéad Ní Mhaonaigh sa bhliain 2007. Labhrann siad le Liam inniu faoi na blianta fada atá caite acu i saol an cheoil, agus na cuimhní cinn is fearr atá acu ó na blianta sin. Seo léiriú de chuid Stiúideo Cuan, maoinithe ag Údarás Craolacháin na hÉireann leis an Táille Ceadúnais Teilifíse.

Liam Ó Maonlaí le Tríona agus Maighread Ní Dhomhnaill

Today, we'll hear the first programme in a new series of Cuan an Cheoil, presented by Liam Ó Maonlaí. Liam is joined each week by different musical guests for a chat, and to play together. The conversations with guests range from musical matters, to family, and all elements of life. This evening, he’s joined by the talented musical sisters Maighread and Tríona Ní Dhomhnaill. The sisters, together with their brother Micheál Ó Domhnaill, and Dáithí Sproule, founded the legendary band Skara Brae in 1970, and they have been an integral part of the traditional and folk music scene in Ireland ever since. They have shared stages with some of the top musicians in the world, and also formed the group T with the Maggies with Mairéad Ní Mhaonaigh and Moya Brennan in 2007. They talk to Liam today about their many years in the music business, and some of their fondest memories of that time.

Cuan an Cheoil, RTÉ Raidió na Gaeltachta, Déardaoin 7.00pm