Ón bhfilíocht chuig gabháil fhoinn, agus gach eatharthu, tá Oíche Chultúir spleodrach geallta timpeall na tíre. Seo a leanas cuid de na himeachtaí Gaeilge a bheidh ar siúl.
Teach, Co Clare
https://culturenight.ie/event/teach/
Teach - House; Léamh filíochta dátheangach mar aon le scór ceoil bunaidh. Cruthaíonn an cnuasach nua dánta dátheangacha seo pictiúir chorraitheacha de theach na hóige in imeacht na mblianta.
Le tacaíocht ó An tOireachtas
Seoladh 'Abair Amhráin' Agus Seisiún Amhránaíochta Gaelach, Co Monaghan
https://culturenight.ie/event/seoladh-abair-amhrain-agus-seisiun-amhranaiochta-gaelach/
Deis do Ghaeil i Muineachán bailiú le chéile chun céiliúradh a dhéanamh ar Oíche Chultúir 2023. I ndiaidh seisiún sráide lasmuigh den Siopa Caife Missy A's ó 7in, athsheolfar an leabhrán clúiteach 'Abair Amhráin' lastigh sa chaifé agus tabharfar faoi chanadh na námhráin aitheanta. Beidh deis ag daoine cóip de 'Abair Amhráin' a cheannach. Sólaistí á soláthar do chách. Tá fáilte roimh achan duine, idir óg agus aosta agus idir lucht an chúpla focal agus iad siúd atá líofa.
Ná déan dearmad go mbeidh Oíche Chultúir á ceiliúradh ar RTÉ freisin.
Súil Le Muir, An Ghaeltacht, Co Kerry
https://culturenight.ie/event/suil-le-muir/
Súil le Muir is ainm don ócáid, toisc go bhfuil sé dírithe ar cheann dosna sean stáisiún cósta (ar Cheann Bhólais) a tógadh timpeall ar 1805 nuair a bhí eagla ar Rialtas Shasana go dtiocfadh fórsaí Napoleon go hÉirinn. Tá radharc leathan ar an bhfarraige, agus ar an gcósta ó thuaidh is ó dheas. Beidh tionól in aice an stáisúin, le ceol, agus amhráin bunaithe ar stair, scéalta agus amhráin na linne sin, chomh maith le cur síos ar stair an fhoirgnimh. Beidh Garda Cósta na hÉireann páirteach, agus scaoilfear tóirsí eolais (signal flares) ó stáisiún Cheann Bhóluis agus stáisiún Cheann Muice ar an dtaobh eile de Bhá na Scealg.
Teacht le chéile i sráid bhaile Chill Rialaig nó i nDuichealla/Meeting points: Cill Rialaig village or Duichealla
Beidh Plean B muna bhfuil an aimsir oiriúnach.
Cruinne Comhthreomhar – Áit A Bhfuil Gaeilge Ag Gach Duine/Parallel Universe – Where Everyone Speaks Irish, An Ghaeltacht, Co Kerry
https://culturenight.ie/event/cruinne-comhthreomhar-ait-a-bhfuil-gaeilge-ag-gach-duine-parallel-universe-where-everyone-speaks-irish/
Amhrán, damhsa agus ceol faoi na réaltaí sa Gaeltacht i Tearmann Idirnásiúnta Spéartha Dorcha Chiarraí - Trá na Cille, An Gleann - le radharcanna iontacha ar na Sceilg. Ceol beo le Peter agus Rose Mullarkey (binneas.ie). Beimid ag caint as Gaeilge faoi réalteolaíocht, chomh maith le béaloideas agus seandálaíocht a bhaineann leis na réaltaí.
Music and dance under the stars in the Gaeltacht in Kerry’s Dark Sky Reserve at Trá na Cille, An Gleann - a beach with fantastic views to the Skelligs. Live music with Peter and Rose Mullarkey (binneas.ie). We will have talks in Irish on astronomy, as well as folklore and archeology related to the stars. 12-1.30 disco!
Comhoibriú idir/a collaboration between Oidreacht Uibh Ráthaigh/Heritage Iveragh, Comhchoiste Ghaeltacht Uíbh Ráthaigh, an Plean Teanga, Aon Scéal & DiscoverIveragh.ie
Oíche Airneáil, Oileán Ghabhla, Co Donegal
https://culturenight.ie/event/oiche-airneail-oilean-ghabhla/
Tráthnóna deas de scéalta, ceol agus amhráin traidisiúnta ar Oileán Ghabhla, ceann de seoda cheantar an cheantar Ghaeltachta seo, chun a stair agus a cultúr spéisiúil a roinnt agus a cheiliúradh. Ta cáil ar mhuintir Ghabhla as a gucid scéalta agus scéalaíochta. Bhearfaidh muid cuairt ar shean teach ar an oileán, ó rinneadh athchóirú air, I bPort a’Chruinn, fá choinne oíche airneáil mar a bheadh ar an oileán san 1900aidí. Tá radharc alainn le feiceáil amach go hoileán Uaigh, cladaigh thiar Dhún na nGall agus an Earagail, agus beidh sé seo ina thráthnóna atmaisféarach do gach duine le blaiseadh a fháil den saol mar a bhí, ar Ghabhla.
Beidh bád Sabba (Cricket) saor in aisce agus beidh sóláistí ar fáil ar an oíche.
5.00i.n – bád ag fágáil Machaire Gathláin
8.00i.n bád ag fágáil Oileán Ghabhla
Beidh sé teoranta do fiche duine.
An Haicléara Manas, Clifden, Co Galway
https://culturenight.ie/event/an-haicleara-manas/
Céiliúradh ar an leabhar "An Haicléara Manas" a scriobh Patrick Lyden ón gClochán sa 19ú aois agus é ar imirce i Meiriceá. Ní fhaca an scéal solas an lae go dti 2003. Beidh an tOllamh Nancy Stenson, a rinne staidear ar an láimhscribhínn, i lathair agus cuirfidh aisteoirí míreanna ón leabhair ar stáitse.
Le tacaíocht ó An tOireachtas
Ag Caint Agus Ag Gabháil Fhoinn: Oíche Airneáin Leis An Ollamh Lillis Ó Laoire, Loughrea, Co Galway
https://culturenight.ie/event/ag-caint-agus-ag-gabhail-fhionn-oiche-airneain-leis-an-ollamh-lillis-o-laoire/
"Oíche dhátheangach de cheoil agus amhránaíocht ar an sean-nós i mBaile Locha Riach leis an Ollamh Lillis Ó Laoire a bheas ag tabhairt caint ar oidhreacht shaibhir amhránaíochta ar an sean-nós atá againn in Éireann.
A bilingual night of music and sean-nós singing in Loughrea with Professor Lillis Ó Laoire who will be giving a talk on the rich sean-nós singing heritage that we have in Ireland. "
Ceol Na NÓg, Co Limerick
https://culturenight.ie/event/ceol-na-nog/
Beidh ceol na nÓg ar siúil d'Oíche Chultúir 2023 le haghaidh páistí atá ag iarraidh ceol a sheinnt ná a thosú i láthair spraoiúl agus le roinnt craic. Cuirfimid roinnt soláistí ar fáil dóibh agus beidh cúpla ceoltóir profisiúnta ann chun cabhrú leo.
Le tacaíocht ó An tOireachtas
Gaeltacht Na Todhchaí, Galway City
https://culturenight.ie/event/gaeltacht-na-todhchai/
Tagaigí ar thuras tríd Sráid Láir na Gaillimhe agus amach go Conamara, chun blaiseadh a fháil de Ghaeltacht na Todhchaí. Cuirfidh Fíbín sa Taibhdhearc an Ghaeltacht os comhair an phobail mar shamhlaítear í sa todhchaí; lán de bheocht agus i measc pobail ilchultúrtha. Oíche le ceol, drámaíocht, ealaín, teicneolaíocht agus neart eile . 9.i.n, An tSráid Lár, Gaillimh Beidh taispeántas ceoil agus ealaíona ar siúl i nGaeltacht Chonamara freisin
Dúchas Sa Cheol, Antrim
https://culturenight.ie/event/duchas-sa-cheol/
Is gné ríthábhachtach dár n-oidhreacht chomhroinnte í traidisiún na logainmneacha anseo, toisc go dtugann siad léargas dúinn ar stair agus ar thírdhreach ár gceantar áitiúil. Meastar go dtagann timpeall 95% dár logainmneacha ón Ghaeilge agus tá siad fite fuaite sa cheol. Sa cheardlann seo amharcfaimid ar logainmneacha Chúige Uladh atá luaite sa cheol. Gheobhaidh daoine léargas ar bhunús na logainmneacha, agus cloisfidh siad ceol a bhfuil nasc láidir aige leis na logainmneacha.
Turas Treoraithe Ar Champas Choláiste Na Tríonóide / Guided Irish Language Tour Of Trinity College Dublin Campus, Dublin City
https://culturenight.ie/event/turas-treoraithe-ar-champas-cholaiste-na-trionoide-guided-irish-language-tour-of-trinity-college-dublin-campus/
Turais threoraithe trí Ghaeilge ar champas stairiúil Choláiste na Tríonóide. Faigh léargas ar an ollscoil is sine in Éirinn, ar a hoidhreacht agus ar shaol an mhic léinn sa lá atá inniu ann. Reáchtálfar trí thuras a mhairfidh thart ar 30-40 nóiméad an ceann. Tosóidh siad ag 5.45pm, 6.30pm agus 7.15pm ón Campanile. Seol ríomhphost le do thoil go gaeloifig@tcd.ie chun áit a chur in áirithe.
Guided tours in Irish of Trinity College Dublin's historic campus. Gain an insight into the oldest university in Ireland, its heritage and the life of today's students. Three tours will take place and each will last approximately 30 minutes. They will begin at 5.45pm, 6.30pm and 7.15pm from the Campanile. Please email gaeloifig@tcd.ie to book a place on a tour. Please note that the tour will be in Irish.