Sa tsraith nua seo, tugannan léachtóir agus an file Ailbhe Ní Ghearbhuigh, cuairt ar scríbhneoirí ar fud na tíre chun an nasc idir ealaíontóir agus áit a fhiosrú.

Roinnfidh na scríbhneoirí cuimhní cinn linn, scéalta pearsanta, béaloideas áitiúil agus saothair dá gcuid atá fréamhaithe sna ceantair sin, agus tabharfaidh siad cuairt ar chuid de na láithreacha a d'imir tionchar ar a gcuid scríbhneoireachta. Inniu, beidh Ailbhe ar cuairt ar an bhfile Dairena Ní Chinnéide i gCorca Dhuibhne. Cuireann Dairena fáilte gheal roimpi chuig a teach ina bhfuil cipíní túise á ndó agus an tae á fhliuchadh aici. Insíonn sí d’Ailbhe faoin gceantar, na hathruithe atá ag imirt tionchar ar an bpobal agus ar an gcomhshaol, agus na hathruithe a bhraitheann sí ina saol féin le gairid.

Míníonn sí na foinsí inspioráide atá aici freisin: ceol na farraige a thugann misneach di, taibhsí atá le braistint sa cheantar, agus an pobal ina timpeall, agus tabharfaidh Ailbhe agus Dairena cuairt ar áiteanna éagsúla, ó Chuas a’ Bhodaigh go Baile na nGall. Léiríodh an tsraith seo le maoiniú ón Scéim Fís agus Fuaim de chuid Choimisiún na Meán.

Dairena Ní Chinnéide

In this new series, lecturer and poet Ailbhe Ní Ghearbhuigh travels the country to meet with writers to discuss the importance of place in their work. They’ll share memories, personal stories, local folklore and extracts from their work that are rooted in a particular place, with us, and they will visit some of the places that have been most influential in their work.

Today, Ailbhe starts the series with a visit to poet Dairena Ní Chinnéide in Corca Dhuibhne in Kerry. Dairena gives her a warm welcome, and they discuss the area, some of the changes there that have impacted the community and the environment, and some of the changes in her own life recently. She talks about her inspiration, including the sound of the sea which gives her courage, the spirits of those who have passed on that she feels all around her, and her community, and she brings Ailbhe to several areas that have been important for her, from Cuas a’Bhodaigh to Baile na nGall. This series was produced with funding from Coimisiún na Meán’s Sound and Vision Scheme.


Ómós Áite, RTÉ Raidió na Gaeltachta, Wednesday 13th September, 2.05pm