D'fhógair An tOireachtas inniu an gearrliosta do Ghradaim Chumarsáide an Oireachtais 2023. Tá dhá chatagóir déag (12) ar chlár na ngradam i mbliana.
Roghnóidh painéal moltóirí buaiteoirí na gcatagóirí éagsúla ach is ar bhonn vóta poiblí a roghnófar Réalta Óg na Bliana.
Cuirfear tús leis an vótáil poiblí Dé hAoine, 15 Meán Fómhair 2023. Fógrófar buaiteoir Bhuaic-Ghradam Cumarsáide an Oireachtais ag deireadh mhí Dheireadh Fómhair 2023.
Déanann Gradaim Chumarsáide an Oireachtais ceiliúradh ar ardchaighdeán agus ar shár-iarrachtaí a chuirtear i gcrích in earnáil na cumarsáide Gaeilge gach bliain. Tugann na Gradaim seo aitheantas do láithreoirí, léiritheoirí, iriseoirí, colúnaithe, aisteoirí agus lucht déanta clár raidió agus teilifís a bhfuil cion thar na bearta déanta acu i réimsí éagsúla meán le dhá mhí dhéag anuas. "Tráth cinniúnach in earnáil na cumarsáide Gaeilge é seo agus tús curtha le ré nua don Ghaeilge anois go bhfuil an cainéal úrnua, Cúla4 tagtha ar an saol", a dúirt Máirín Nic Dhonnchadha, Ceannasaí an Oireachtais.
Bronnfar na Gradaim Chumarsáide le linn Oireachtas na Samhna ag searmanas speisialta a bheidh ar siúl Céadaoin na féile, 1 Samhain 2023 san INEC i gCill Airne, Co. Chiarraí.
Tá gach eolas maidir le himeachtaí uile an Oireachtais le fáil ar an suíomh ag www.antoireachtas.ie.
Féach an gearrliosta iomlán thíos.
COLÚNAÍ NA BLIANA
Aedín Ní Thiarnaigh NÓS
Breandán M Mac Gearailt Tuairisc.ie
Robert McMillen The Irish News
Sláine Ní Chathalláin NÓS
Michelle Nic Pháidín Meon Eile
CLÁR TEILIFÍSE / SCANNÁN NA BLIANA
An Buachaill Gealgháireach Imagine Media
Séamus Mac Murchaidh: Díolta Macha Mediafaoina Luach
Róise & Frank Macalla Teo
Paul Muldoon: Laoithe is Liricí Below the Radar
SRAITH RAIDIÓ NA BLIANA
An Fonn Óg BBC Gaeilge ar BBC Raidió Uladh
An Cúinne Dána RTÉ Raidió na Gaeltachta
An Spota Dubh Raidió na Life
Cosán na mBan RTÉ Raidió na Gaeltachta
IRISEOIR NA BLIANA
Shane Ó Curraighín 7Lá ar TG4
Méabh Ní Thuathaláin Tuairisc.ie & 7Lá ar TG4
Gráinne Ní Aodha PA Media
Eoin Ó Catháin RTÉ Raidió na Gaeltachta & Nuacht TG4
PEARSA RAIDIÓ NA BLIANA
Michelle Nic Grianna RTÉ Raidió na Gaeltachta
Dáithí Ó Muirí BBC Gaeilge ar BBC Uladh
Fachtna Ó Drisceoil RTÉ Raidió na Gaeltachta
Gráinne Ní Chaomhánaigh Phoenix FM
Neansaí Ní Choisdealbha RTÉ Raidió na Gaeltachta
PEARSA TEILIFÍSE NA BLIANA
Máire Treasa Ní Dhubhghaill Rugbaí Beo
Síle Nic Chonaonaigh Bailte
Caoimhe 'Chats' Ní Chathail Éadaí SOS
Mícheál Ó Domhnaill GAA Beo
Sinéad Ní Uallacháin Beidh mé ar ais
CLÁR GAEILGE NA BLIANA AR RAIDIÓ POBAIL
Inné, Inniu, Amárach Athlone Community Radio
Aon Scéal? Phoenix FM
Gaeilge Bhriste West Limerick 102FM
Filí Chonamara Raidió Pobail Chonamara
CLÁR GAEILGE NA BLIANA AR RAIDIÓ TRÁCHTÁLA
Abair Amach É WLR FM
Splanc le Cuán Ó Flatharta Newstalk
Ruaille Buaille Highland Raidió
Dúchas is Dóchas Clare FM
SRAITH TEILIFÍSE NA BLIANA
Saol Ella Danú Media
Bláth na hÓige Aniar TV
Mealladh na Mara RTÉ
Dúirt Bean Liom Aniar TV
Iniúchadh TG4 Clean Slate Productions
CRAOLTÓIR SOLABHARTHA NA BLIANA
Brian Tyers TG4
Michelle Nic Grianna RTÉ Raidió na Gaeltachta
Tristan Rosenstock RTÉ Raidió na Gaeltachta
Cuán Ó Flatharta Newstalk
Damien Ó Dónaill RTÉ Raidió na Gaeltachta
RÉALTA ÓG NA BLIANA
Colm Mac Giolla Easbuic Ros na Rún & RTÉ Raidió na Gaeltachta
Ciara Cox Saol Ella, Cúla4
Nicole Ní Dhubhshláine RTÉ Raidió na Gaeltachta
Conor Torbóid NÓS & BBC Gaeilge ar BBC Uladh
Seán Ó Maoilchiaráin RTÉ & Bloc TG4
Áine Mhaoir Na Seansálaithe & Léiritheoir Sraithe le Stiúideo Cuan