skip to main content

An Taoiseach ar an mBlascaod

Bhí An Taoiseach Leo Varadkar agus Patrick O'Donovan, Aire Stáit le cúram um Oifig na nOibreacha Poiblí, i gCiarraí chun oibreacha leanúnacha athchóirithe OPW ar An mBlascaod Mór a fheiceáil agus chun freastal ar an ócáid bhliantúil - 'Ceiliúradh an Bhlascaoid’.

Ag labhairt dó tar éis cuairt a thabhairt ar An mBlascaod Mór agus an ceiliúradh a fhreastal, dúirt An Taoiseach: "Tá na Blascaodaí ar cheann de na háiteanna is áille in Éirinn, seod cultúrtha nach féidir a luach a áireamh. Níl a fhios agam conas a tharla sé nár thug mé cuairt ann roimhe seo. Is cosúil cuairt a thabhairt ar An mBlascaod Mór agus céim siar a thabhairt chuig saol eile agus ré eile. Stair bheo agus oidhreacht bheo atá anseo. Tá sé fíor-riachtanach go ndéanfar an tOileán agus na bailte ann a chaomhnú, mar oidhreacht nach féidir a chomhshamhail a sholáthar, agus láthair leithleach turasóireachta. Tá obair riachtanach ar bun ag OPW chun An Blascaod Mór a chaomhnú agus a chosaint ionas gur féidir le cuairteoirí, as Éirinn agus thar sáile, tuiscint a fháil ar áilleacht agus oidhreacht iontach na nOileán seo agus ar shaibhreas a gcultúr. Táimid ag díriú anois ar áiseanna do bháid ag teacht i dtír ar an Oileán a fheabhsú, chomh maith le háiseanna ar an Oileán féin, ar bhealach a chosnaíonn an nádúr agus an fiadhúlra."

Thug An Taoiseach agus an tAire O’Donovan cuairt freisin ar an teach ina raibh cónaí ag Tomás Ó Criomhthain, údar cáiliúil an Oileáin, atá athchóirithe ag OPW.

D’fhreastal iad freisin ar an ócáid bhliantúil ‘Ceiliúradh an Bhlascaoid’ ag Ionad an Bhlascaoid, atá athchóirithe ina iomláine ag OPW. Cruinniú bliantúil a mhaireann trí lá é seo, a tosaíodh i 1996, chun stair agus oidhreacht na mBlascaodaí a léiriú. Is é an téama i mbliana ná an óige ar an Oileán – Turas go Tír na nÓg – Óige an Bhlascaoid Mhóir agus Sliocht an Oileáin i gCéin.

Ag Ionad an Bhlascaoid, chonaic An Taoiseach na hathchóirithe is déanaí atá déanta ann, go háirithe an taispeántas nua a ríomhann scéal na mBlascaodaí agus an lorg suntasach cultúrtha atá againn ó phobal an Oileáin.

D’fhág an dream deireanach den phobal An Blascaod Mór i 1953, ach maireann fós an oidhreacht cultúir agus litríochta a fágadh againn sna leabhair cháiliúla a tháinig ó phobal beag an Oileáin.

Dúirt an tAire O’Donovan: "Léiríonn an t-athchóiriú ar Ionad an Bhlascaoid anuraidh cad is féidir leis an Stát a bhaint amach trí oibriú ar bhealach comhoibritheach. I mbliana d’éirigh linn comhaontú a dhéanamh chun áiseanna leithris a sholáthar le haghaidh cuairteoirí chuig an Oileán. Táimid anois ag obair ar Phlean um Bainistiú Caomhnaithe a bhreathnóidh caomhnú agus cosaint na hoidhreachta tógtha chomh maith le héiceolaíocht mara agus comhshaoil an Oileáin."