Seoladh cainéal nua teilifíse nua in Éirinn inniu atá dírithe ar pháistí. Labhair muid le láithreoir an chainéil nua do pháistí, Cúla4, Niamh Ní Chróinín faoi fhís an chainéil agus a cuid oibre féin mar láithreoir do dhaoine óga.
Cé go bhfuil TG4 ag ceiliúradh breis agus 25 bliain ar an bhfód, deir Niamh go bhfuil fís láidir ann don dara cainéal seo, Cúla4, le spás a chruthú dóibh siúd atá ag fás aníos trí Ghaeilge nó le Gaeilge ina saol timpeall orthu. Cosúil le go leor daoine eile a raibh Gaeilge acu ina n-óige, luaigh Ní Chróinín go raibh sé i gcónaí tábhachtach di féin go bhfaca sise daoine cosúil léi agus í ina cailín óg. Tá sin amhlaidh anois le Cúla4, beidh siamsaíocht agus cruthaitheacht ann ach chomh maith le sin, feicfidh an glúin óg, daoine atá cosúil leo féin, óna gcontaetha féin ar an scaileán.
Feicfidh an lucht féachana gur teanga bheo í an Ghaeilge agus nach mbaineann sí leis an seomra ranga amháin. Ag caint ar an tslí go bhfuil nósanna pháistí athraithe le blianta beaga anuas, mar gheall ar an idirlíon agus a rogha fairsing siamsaíochta atá ar fáil dóibh, deir sí go bhfuil sé mar sprioc ag an teanga a bheith i ngach aon áit a bhfuil páistí, ar an teilifís ach ar líne freisin. Tá sé i gceist go mbeadh dhá fhíseán ar chainéal YouTube gach seachtain, Dé Luain agus Déardaoin, le freastal orthu siúd a úsáideann an t-ardán sin go príomha. Beidh feidhm tábhachtach freisin leis an aip agus leis an seinnteoir freisin, áit a mbeidh cláracha ar fáil le híoslódáil le féachaint orthu nuair mian leis an lucht féachana, rud a chur gliondar ar thuismitheoirí, a deir Niamh.
Rinneadh go leor taighde ar éilimh an phobail sular cuireadh tús leis an gcainéal seo, agus is léir ón taighde sin go bhfuil leithéidí peataí lárnach i saol an pháiste, chomh maith leis an spórt, damhsa agus íóga agus cúrsa ealaíne freisin. Beidh an cainéal ag filleadh ar an taighde seo arís amach anseo freisin nuair a bheidh cláracha á gcoimisiúnú amach anseo. Beidh neart, neart cláracha le feiceáil, le 14 uair a chloig in aghaidh an lae le líonadh le siamsaíocht agus oideachas.
Tá ullmhúchán cuimsitheach déanta agus obair na gcapall déanta ag foireann TG4 atá ag coimisiúnú cláracha, ag obair le comhlachtaí léiriúcháin, ag plé le sceideal na gclár a oirfidh do pháistí ag aoisghrúpaí faoi leith.
Tá Niamh ar bís agus faoi bhrú ag am céanna agus í ag iarraidh an t-ábhar is fearr dá bhfuil ar fáil do dhaoine óga na tíre agus agus go hidirnáisiúnta a léireoidh neart agus cruthaitheacht an chainéil nua.
Tá Cúla4 ar fáil anois. Craolfar an cainéal gach lá óna 06.00rn go 20.00in.
Saorview - Cainéal 18
Virgin Media - Cainéal 602
Sky - Cainéal 624
Eir
Cula4.com