Roghnaíodh Inis Mara, scéal comhaimseartha eachtraíochta a bhaineann le cúrsaí athrú aeráide ar cheann de leabhair speisialta do World Book Day a bheidh ar siúl ar an 7 Márta
Bhí saol breá ag muintir Inis Mara agus bhí gach duine sona sásta. Ach nuair a cheaptar an Santóir mar cheannaire, téann gach rud in olcas agus milleann sé an t-oileán álainn le haer salach. Tá cailín cróga ar an oileán a spreagann gach duine chun seasamh a thógáil agus beartaíonn Éabha a dícheall a dhéanamh chun an Santóir a stopadh.
Scéal comhaimseartha eachtraíochta atá anseo a bhaineann le cúrsaí athrú aeráide, leis an tábhacht a bhaineann le bheith ag comhoibriú le daoine eile, agus le tábhacht na fírinne. Bainfidh léitheoirí óga agus aosta taitneamh agus tairbhe as eachtraí Éabha agus í ag iarraidh a pobal a thabhairt slán ón gceannaire cam atá ag milleadh an oileáin. Agus meabhraíonn an scéal dúinn arís is arís eile gur ar scáth a chéile a mhaireann na daoine.
San fhíseán seo, cuireann @TRosenstock a leabhar Inis Mara, atá ar fáil ar €1.50, i láthair. Tuilleadh eolais faoin leabhar ar fáil ag https://t.co/5DzeJjIjn6
— World Book Day UK 📚 (@WorldBookDayUK) September 6, 2023
In this video @TRosenstock introduces his €1.50 book Inis Mara. Find out more at https://t.co/5DzeJjIjn6 pic.twitter.com/m18x8ptd6d
Dúirt Tristan, údar an leabhair:
"Tá lúcháir an domhain orm go mbeidh Inis Mara á léamh ag na míllte léitheoirí óga ar Lá Domhanda na Leabhar. Ní féidir an ghéarchéim aeráide a sheachaint a thuilleadh, agus tá súil agam go spreagfaidh Inis Mara an ghlúin óg le labhairt amach mar gheall air."