skip to main content

Bringing Irish language poetry to life for post-primary students

Guth na hÉigse agus Duais Bashō, ag cur scríbhneoireacht na Gaeilge chun cinn i measc daltaí iarbhunscoile

Don darna bhliain, tá dhá thionscnamh spreagúla seolta ag Éigse Éireann, igcomhar le hIMRAM,a bhfuil sé mar aidhm acu an Ghaeilge a chur chun cinn in iarbhunscoileanna na tíre:Guth na hÉigse - Comórtas Aithrise Filíochta agus Comórtas Duais Bashō Haiku, comórtas haiku. Tá na comórtais oscailte anois agus tá Poetry Ireland agus IMRAM ag iarraidh ar gach múinteoir iar-bhunscoile a gcuid daltaía spreagadh le bheith páirteach.

Tá Guth na hÉigse bunaithe ar Poetry Aloud, clár atá á eagrú ag Poetry Ireland le blianta anuas. Tá sé mar aidhm ag Guth na hÉigse daltaí ar fud oileán na hÉireann a spreagadh chun dánta Gaeilge faoi léith a fhoghlaim de ghlanmheabhair agus ansin na dánta a rá os ard ag babhtaí réigiúnacha, agus ag craobh náisiúnta a bheidh ar siúl in Smock Alley i mí na Samhna, mar chuid d'Fhéile Litríochta Gaeilge IMRAM 2023.

Cuireann Comórtas Filíochta Duais Bashō Haiku fáilte roimh dhaltaí iar-bhunscoile haiku a chumadh i mBéarla nó i nGaeilge nó go dátheangach, agus a gcuid haiku a chur isteach le haghaidh breithiúnais faoin 20 Deireadh Fómhair 2023. Is é an file, drámadóir, scríbhneoir haiku agus ball d’Aosdána, Gabriel Rosenstock a bheidh i mbun moltóireachta.

Dúirt Majella Ní Chríocháin, Bainisteoir IMRAM, "Tá ríméad orainn a bheith ag obair i gcomhpháirt le hÉigse Éireann arís i mbliana i gcur chun cinn na scríbhneoireachta cruthaithaigh i measc óige na tíre. Tá tugtha faoi deara ag an bhfile Gabriel Rosenstock go dtaitníonn haiku go mór le cuid mhaith den aos óg agus gur seánra an-éifeachtach é chun iad a chur i mbun pinn. Tugann Duais Bashō deis agus spreagadh don óige haiku a chumadh agus tabhairt faoin scríbhneoireacht ar bhealach taitneamhach"

Dúirt Jane O’Hanlon, Oifigeach Oideachais le haghaidh Éigse Éireann, " Tá sé mar aidhm ag GUTH NA HÉIGSE agus DUAIS BASHO dáimh a chothú idir daoine óga agus filíocht na Gaeilge i spiorad IMRAM. Thar aon ní eile baineann sé le taitneamh a bhaint as an teanga agus deis a thabhairt dóibh an teanga a labhairt. Mar sin,bígí linn agus bainaígí taitneamh as!"

Tá sé mar aidhm ag an dá thionscnamh tacú le forbairt na Gaeilge sna scoileanna trí chlár spreagúil a chur ar fáil, dírithe ar an nGaeilge a chur chun cinn mar theanga inár féidir an duine óg iad féin a chur in iúil le bród.

Glactar ler hiarratais anois don dá chomórtas.Is é an 13 Deireadh Fómhair 2023 an spriocdháta do Guth na hÉigse agus is é20 Deireadh Fómhair 2023 an spriocdhátado Duais Bashō Haiku.

Tá foirmeacha iontrála agus sonraí don dá chomórtas ar fáil ar www.poetryireland.ie agus www.imram.ie.

Le tuilleadh eolais a fháil, déan teagmháil le Louise Kane, Bainisteoir Cumarsáide Poetry Ireland. Teil: 087 992 7546 nó seol ríomhphost chuig comms@poetryireland.ie.

Poetry Ireland/ Éigse ÉireannCothaíonn Éigse Éireann dáimh idir daoine agus an fhilíocht. An sprioc atá againn ná barr feabhais a bhaint amach maidir le filíocht a léamh, a scríobh agus a léiriú ar fud oileán na hÉireann. Faigheann Éigse Éireann tacaíocht ón gComhairle Ealaíon agus ó Chomhairle Ealaíon Thuaisceart Éireann agus tá an-chaidreamh againn le hionaid ealaíne, féilte, scoileanna, coláistí agus siopaí leabhar sa bhaile agus i gcéin. www.poetryireland.ie

IMRAM

Bíonn IMRAM ag dréim le litríocht na Gaeilge a chur i gcroílár an tsaoil phoiblí in Éirinn, trí fhéile bhliantúil nuálach a eagrú, a ndéanfar ardán idirnáisiúnta di, a thacaíonn le scríbhneoirí, a spreagann díospóireacht agus a mheallann cainteoirí Gaeilge agus foghlaimeoirí na Gaeilge in Éirinn agus ar fud an diaspóra. www.imram.ie

Poetry Ireland, in collaboration with IMRAM, has again launched two exciting initiatives that bring Irish language poems to life. Guth na hÉigse is an Irish language Poetry Speaking Competition, and Duais Bashō Haiku is an English and Irish language haiku composition competition.

With entries now open, Poetry Ireland and IMRAM are calling on all post-primary school teachers to get their students involved.

This will be the second year of Guth na hÉigse, the fantastic Irish language programme based on the successful and well-established Poetry Aloud Poetry Speaking Competition. Guth na hÉigse aims to encourage students throughout the island of Ireland to learn and memorise Irish language poems and then speak the poems aloud at regional rounds, and at a national final that takes place in November in Smock Alley as part of IMRAM Féile Litríochta Gaeilge 2023.

Duais Bashō Haiku Poetry Competition invites post-primary students to compose a haiku in the English or Irish language,or bilingually, and submit their haiku for adjudication by 20 October 2023. Poet, playwright, haikuist and member of Aosdána Gabriel Rosenstock will adjudicate the competition.

Gabriel Rosenstock

Majella Ní Chríocháin, Manager of IMRAM said, regarding Duais Bashō , "We are delighted to be working with Éigse Éireann again this year in the promotion of creative writing amongst young people. The poet Gabriel Rosenstock has noticed that haiku is very popular with young people and is a very effective genre through which to introduce them to creative writing.Duais Bashō gives young people the opportunity and encouragement to compose haiku and engage in writing in an enjoyable way".

Jane O'Hanlon, Education Officer for Poetry Ireland, said "GUTH NA HÉIGSE and DUAIS BASHO aim to connect young people with Irish language poetry in the spirit of IMRAM. Above all it is about enjoyment of the language and confidence in speaking it. Mar sin, bí linn agus bain taithneamh as! "

Both initiatives aim to support Irish language development in schools by providing an exciting and accessible programme, focused on using the Irish language as an interactive language that can be spoken and written with confidence and enjoyment.

Entries are now open for both competitions.

The deadline for Guth na hÉigse entries is on 13 October 2022 and the deadline for Duais Bashō Haiku Poetry Competition follows later in the month on 20 October 2023.

Entry forms and details for both competitions are available on www.poetryireland.ie and www.imram.ie