Beidh sraith nua sean-nóis, cláracha faoin nasc idir ealaíon agus áit, sraith nua de Chuan an Cheoil le Liam Ó Maonlaí, agus go leor eile mar chuid de Sceideal an Fhómhair ar RTÉ Raidió na Gaeltachta, a bheas ag tosú Dé Luain 11 Meán Fómhair.
Cuirfidh Caitlín Ní Chualáin an tsraith nua Seoda Foinn i láthair gach Déardaoin ag 8.30 pm mar chuid den sceideal nua.Beidh an t-amhránaí aitheanta, a thug léi Corn Uí Riada sa bhliain 2016, ag cur féasta amhrán ó phlúr na bhfonnadóirí sean nóis i láthair ar an gclár.Beidh amhráin aici dúinn ó fhonnadóirí na linne seo, agus taifid luachmhara ó chartlann Raidió na Gaeltachta, agus óna cartlann féin, ar an gclár gach seachtain.
Craolfar an clár nua Ómós Áite gach Céadaoin ag 2.05 pm, ag tosú ar 13 Meán Fómhair. Sa chlár taistil seo, téann an léachtóir agus an file Ailbhe Ní Ghearbhuigh ar cuairt chuig scríbhneoirí Gaeltachta agus Gaeilge ar fud na hÉireann, agus labhrann sí leo faoin nasc idir an t-ealaíontóir agus a áit dhúchais.Is iad Dairena Ní Chinnnéide, Jackie Mac Donncha, Caitríona Ní Chléirchín agus Máire Dinny Wren a bheas le cloisteáil sa chéad cheithre chlár sa tsraith, a mbeidh deich gclár in iomlán ann.
Beidh sraith nua den chlár Cuan an Cheoil, le Liam Ó Maonlaí, le cloisteáil gach Déardaoin ag 7 pm, sa sceideal nua.Sa tsraith, labharfaidh Liam le healaíontóirí aitheanta faoina gceird agus faoina saol.Ar chuid acu siúd a bheas le cloisteáil sa tsraith nua beidh Dónal O'Connor, Máire Ní Choilm, Oisín Mac Diarmada, Sarah Ghriallais & Micheál Ó Confhaola, agus Lillis Ó Laoire agus Brian Ó Domhnaill.Is léiriú de chuid Stiúideo Cuan atá sa tsraith seo.
Beidh Bladhaire ar ais, agus craolfar an chéad chlár den séasúr nua beo ón gComórtas Náisiúnta Treabhdóireachta i Ráth an Uisce i gCo. Laoise ó 3 pm go 5 pm Déardaoin 21 Meán Fómhair.Beidh clár speisialta eile acu dúinn an lá dar gcionn don Oíche Chultúir, agus iad ag craoladh beo ó Ionad Cois Locha i nDún Lúiche i nGaoth Dobhair. Beidh Ceolfhoireann RTÉ ansin i mbun ullmhúcháin do chlár speisialta beo ón Ionad an oíche sin, agus beidh Áine Ni Bhreisleáin i mbun comhrá leis an lucht eagraithe agus le healaíontóirí áitiúla faoi na himeachtaí uilig don Oíche Chultúir.
Fillfidh Ciarán Ó Maonaigh lena chlár Ceol a’Ghleanna Dé Domhnaigh ag 7 pm gach seachtain, agus rogha iontach ceoil le cloisteáil ann, ábhar cartlainne agus ábhar comhaimseartha san áireamh, ó laochra móra an cheoil thraidisiúnta, agus beidh bá nádúrtha le ceol Thír Chonaill ar ndóigh!
Beidh Pádraig Ó Sé ar ais le sraith nua d’Eachtraigh Dom gach Luan agus Máirt ag 2.05 pm, beidh Toose Mac Gearailt ar an gclár gach Luan ag plé focal agus nathanna, agus beidh aíonna speisialta ag Pádraig go rialta freisin ag roinnt a gcuid roghanna ceoil linn ar an gclár, chomh maith le neart agallamh eile agus ceol beo.
Beidh an clár ealaíon An Cúinne Dána le Tristan Rosenstock ar ais ar an Domhnach ag 6.30 pm.Beidh leabhar na míosa ag Tristan gach mí ar an gclár, agus ba mhaith leis cuireadh a thabhairt d’éisteoirí RnaG uilig a bheith páirteach ann, agus tuairimí ar an leabhar a chur isteach chuig an gclár.Beidh cláracha speisialta beartaithe aige freisin don fhómhair, ina measc ceann dírithe ar Disney, clár dírithe ar fhilíocht WB Yeats agus é 100 bliain i mbliana ó fuair sé an Duais Nobel, agus comóradh 250 bliain de Chaoineadh Airt Uí Laoghaire.
Beidh Eibhlín de Bhailís ar ais gach maidin ó Luan go hAoine le briseadh beag ceoil dúinn ar an gclár Cuideachta Ceoil ag 10.15 am, beidh Fionnuala Uí Neachtain ar ais sa chathaoir do Nuacht a hAon ó Luan go hAoine freisin, agus fillfidh Máirín Ní Ghadhra le sraith nua den chlár An tSeachtain le Máirín Ní Ghadhra gach Satharn ag 11 am. Beidh neart scéalta le cloisteáil ar chláracha irise an stáisiúin mar is iondúil, agus clúdach cuimsitheach nuachta agus spóirt i gcaitheamh na seachtaine.
Tosóidh Sceideal an Fhómhair ar RTÉ Raidió na Gaeltachta Dé Luain 11 Meán Fómhair.